Bíonn amhras ar mhórán daoine má shíleann siad go mbíonn an caidreamh idir polaiteoirí róbhog nó róbhéasach.
Cothaíonn cur i gcéill amhras. Ní léir an chúis amhrais i gcónaí agus pobal ag faire ar pholaiteoirí. Ní theastaíonn saoi áfach chun aird a tharraingt ar údair amhrais.
Treisítear ar amhras an ghnáthdhuine, mar shampla. nuair a thugann geáitsíocht, béicíl, clamhsán pleidhciúil agus droch-aisteoireacht le fios nach saothar dáiríre ach geáitsíocht a bhíonn ar bun rómhinic ag Teachtaí Dála ar an dá thaobh de Dháil Éireann.
Téann cuid acu thar fóir ar chúiseanna atá follasach: go háirithe chun aird na meán craolta a mhúscailt. Chun giota cainte a dhéanamh a spreagfaidh cliceáil fhorleathan ar na meáin shóisialta. Nó chun éalú ó cheist nó ó ghearán nach mian leo a fhreagairt.
Tá leagan nua den amhras á chothú áfach ag urlabhraithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil ó cuireadh tús oifigiúil leis an bhfeachtas toghcháin. Mar a pléadh ar an bpodchraoladh is deireanaí sa tsraith ‘Tuairimí Toghcháin’, tá ceannairí agus airí ón dá pháirtí ag caitheamh anuas ar a chéile amhail is nach cuimhin le daoine go raibh siad ag comhoibriú gan stró agus iad i mbun rialtais.
Ba láidre go deimhin ionsaí na bpríomh-urlabhraithe ar a n-iarchomrádaithe rialtais go dtí seo ná ionsaí an dá pháirtí ar iarrthóirí toghcháin eile.
Ní beag an t-ábhar dóchais áfach nach gcuirfear cath seo na mbó maol i leataobh ar na cúiseanna seo a leanas.
- Táimid go léir bréan de faoin am seo.
- Is ríshoiléir go bhfuil béim á cur ar chuma an easaontais seachas ar easaontas dáiríre agus gur cur i gcéill an cuspóir.
- Is léir dár bhformhór nach bhfuil ach fréamh amháin dáiríre faoin mbréagchoimhlint seo: an choimhlint áitiúil idir Fianna Fáil agus Fine Gael – coimhlint a bhaineann go príomha le cúrsaí áitiúla agus le hiarrthóirí áitiúla.
Fágann cur i gcéill Fhine Gael agus Fhianna Fáil scóip ag na páirtithe eile aird na vótálaithe a dhíriú ar ábhair níos tábhachtaí – tithíocht mar shampla. Dhéanfadh ceannairí an dá pháirtí a leas féin dá n-éireoidís as, gan trácht ar leas an phobail.
Tá sonraí a léiríonn an ghéarchéim tithíochta (mar a thug Simon Harris air nuair a cuireadh agallamh téagartha air ar Virgin Media Dé Céadaoin) á bhfoilsiú go leanúnach. Mar a léirigh an tuairisc is deireanaí ar easpa dídine a d’eisigh an Roinn Tithíochta (go déanach tráthnóna Aoine mar is gnáth).
De réir chuntas na roinne, bhí lóistín éigeandála á chur ar fáil an mhí seo caite do 14,760 duine – níos mó ná riamh – agus bhí 4,561 páiste ina measc.
Léiríodh an brú as cuimse atá ar dhaoine a bhfuil áit chónaithe ar cíos de dhíth orthu i dtuairisc a d’fhoilsigh an comhlacht réadmhaoine Daft.ie Dé Céadaoin. I mbeagán focal, thug an cuntas le fios nach raibh ach 2,400 teach/árasán ar fáil ar cíos ar fud an stáit – laghdú 14 faoin gcéad ar an am seo anuraidh – agus dúradh gur €1,955 an meánchíos atá á iarraidh.
Tá a fhios ag gach duine stuama sa tír nach léir plean ná polasaí a mhaolóidh an fhadhb go luath. Ní hionann sin agus a rá áfach nár chóir brú a chur ar na páirtithe tionchar (nó easpa tionchair) a bpolasaithe a chosaint.
Tugann an easpa plé ar fhadhbanna móra deis d’antoiscigh a rá nach bhfuil suim ag an mbunaíocht sa chruachás ina bhfuil an iomarca daoine sáinnithe agus gan aon dóchas fuascailte acu.
Focal scoir
Rinne an t-iar-aire agus an t-iarTheachta Dála Éamon Ó Cuív cur síos sa phodchraoladh a luaitear thuas ar ghné níos deise de shaol polaitiúil na tíre – gné nach mbíonn trácht air go minic.
“Thuas i mBleá Cliath,” a dúirt sé faoin 32 bliain a chaith sé sa Dáil, “bhí an-chairdeas i measc na dTeachtaí Dála agus ionadaithe poiblí agus an fhoireann.”
Cairdeas a bhíonn beag beann ar bhallraíocht i bpáirtithe a bhí i gceist aige. B’fhéidir go ndéarfaidh corrléitheoir gur sampla a leithéid den chur i gcéill a bhaineann le saol polaitiúil na tíre. Ní cóir áfach go mbeadh easaontas polaitiúil ag teacht salach ar chairdeas, ná a mhalairt.
Ní gá ach breathnú ar an mbearna eascairdis agus míthuisceana atá follasach i saol polaitiúil na Stát Aontaithe.
Ní réitíonn cairdeas ann féin aighnis pholaitiúla, ach is doiligh iad a leigheas dá uireasa.
Fág freagra ar 'Cur i gcéill agus cairdeas – tréithe a léiríonn laige agus neart sa chóras polaitiúil'