Deireadh le monaplacht Bhaile Héil, ach an láimh in uachtar ag Baile Gunnair i gcónaí

Tagann deireadh le gach monaplacht uair éigin agus i gCill Chainnigh is cosúil go bhfuil ré órga Bhaile Héil tagtha go ceann scríbe

Deireadh le monaplacht Bhaile Héil, ach an láimh in uachtar ag Baile Gunnair i gcónaí

Pictiúr: ©INPHO/James Lawlor

Mar a scríobh mé minic go leor anseo, ‘níl in aon rud ach seal’. Smaoinigh mé air sin arís nuair a léigh mé gur buaileadh Seamróga Bhaile Héil an Satharn seo caite agus go raibh a rás rite i gcraobh Chill Chainnigh don séasúr éagsúil seo.

An gciallaíonn sé sin go bhfuil deireadh leis an bhfoireann iontach sin? Bhuel is deacair a rá ach is dócha gur féidir a rá nach bhfuil siad chomh hardréimeach agus a bhí agus go bhfuil mórán mór imeartha ag leithéidí TJ Reid, Colin Fennelly agus Joey Holden.

Anuraidh chailleadar an cluiche ceannais in aghaidh Ghaeil Uí Lochlainn le cúilín amháin agus an Satharn seo caite ní raibh ach péire idir iad féin agus Baile Thomáis sa chluiche ceathrú ceannais. Ní mór iad an dá chailliúint sin, a deir tú, ach d’fhoireann a bhí ina ríthe ar feadh tamall fada agus greim daingean docht acu ar na coirn, is mór an t-údar díomá sa chlub é.

Is féidir a rá gur in 2005 a thosnaigh an ré órga do Bhaile Héil nuair a chaill siad an cluiche ceannais in aghaidh Chumann Naomh Stiofán. An bhliain sin bhíodar i ndiaidh blianta fada a chaitheamh sa bhfásach agus gan aon chraobh sroichte acu ó 1991. Ó 1978, nuair a bhuadar a gcéad chraobh na hÉireann, bhíodar an-iomaíoch agus naoi gcraobh buaite acu agus trí cinn caillte.

In 2006, agus Henry Shefflin agus na Fennellys agus na Reids i mbarr a maitheasa, bhuadar na chéad cheithre chraobh eile agus chuireadar dhá chraobh na hÉireann leo. Ina dhiaidh sin, bhíodar iomaíoch agus corrchraobh á buachan agus á cailleadh acu go dtí 2018 nuair a chuireadar tús leis an tréimhse ba rathúla ag an gcumann. Bhuadar cúig chraobh contae i ndiaidh a chéile mar aon le trí chraobh na hÉireann.

Agus cad é mar churiarrachtaí pearsanta d’imreoirí ón gclub ó 2006 agus imreoir na bliana buaite ag Henry Shefflin, fá thrí, ag TJ Reid (é ina thánaiste trí huaire freisin) agus ag Michael Fennelly.

Dar ndóigh tagann deireadh le gach monaplacht uair éigin agus i gCill Chainnigh is cosúil go bhfuil ré órga Bhaile Héil tagtha go ceann scríbe.

É sin ráite, aon chlub a bhfuil leithéidí Eoin Cody, Adrian Mullen agus Richie Reid acu, ní dóigh go mbeidh siad thíos rófhada.

Trasna na teorann i bPort Láirge tá monaplacht eile agus gan aon chomhartha ann go bhfuil a deireadh ag teacht. Tá aon chraobh dhéag sa mhála ag Bhaile Gunnair agus iad an-suntasach sa bhfeachtas contae i mbliana. Beidh siad ar thóir a gceathrú craobh na Mumhan i ndiaidh a chéile níos déanaí i mbliana agus iad te bruite mar rogha cheana féin. Suimiúil go leor ní ach craobh na hÉireann amháin buaite acu ó cuireadh tús lena ré órga.

Ó thuaidh tá club eile atá ar barr sa chontae le sé bliana anois. An Domhnach seo caite bhuaigh club Eoghan Rua /Na Fianna craobh shinsir iomána Ard Mhacha don séú bliain as a chéile. Faraor níl aon chraobh idirmheánach Uladh curtha leis sin acu go fóill. Tá cúrsaí spóirt sa chontae sin ar ardleibhéal. B’fhéidir go spreagfadh gaiscí pheileadóirí an chontae iománaithe Eoghan Rua /Na Fianna sula dtagann críoch leis an séasúr.

Beidh cluiche ceannais Laoise á thaispeáint ar TG4 amárach agus Cloch-Baile na Coille (seaimpíní 2022) ag imirt i gcoinne Ráth Domhnaigh-Eiréil (seaimpíní 2019). Is iad Camros a thug leo an chraobh anuraidh.

Agus i gContae an Chláir beidh an dá chluiche leathcheannais ar siúl um thráthnóna agus amárach.

Fág freagra ar 'Deireadh le monaplacht Bhaile Héil, ach an láimh in uachtar ag Baile Gunnair i gcónaí'