An fear nach bhfuil ann atá ar intinn gach éinne i nGleann an Lagáin

Caitear súil chun cinn ar thoghchán Westminster an mhí seo chugainn agus ar a bhféadfadh tarlú i dtrí thoghcheantar – Gleann an Lagáin, An Bhanna Uachtair agus An tIúr agus Ard Mhacha

Gleann an Lagáin

An fear nach bhfuil ann atá ar intinn gach éinne i dtaca le Gleann an Lagáin atá ina thoghcheantar imeallach den chéad uair.

Cén t-iontas é an feachtas is bríomhaire as na 18 toghcheantar a bheith á fhearadh i nGleann an Lagáin? I bhfianaise an scannail a chuir deireadh le saol polaitiúil an iarfheisire agus iarcheannaire an DUP, an Ridire Jeffrey Donaldson, tá folúntas as an gcoitiantacht le líonadh. Cuma cé leis nó léi a mbeidh an lá beidh feisire nua ag Gleann an Lagáin i ndiaidh an 4 Iúil, an tríú feisire i stair an toghcheantair i gcomharbacht ar Jeffrey Donaldson 1997- 2024 agus a réamhtheachtaí, a mheantóir James Molyneaux 1983-1997.

Bhí beagnach 65% de na vótaí ag aontachtaithe in 2019, an sciar ba lú ariamh toisc gur thit vóta Donaldson 16%. Mar sin féin, bhí móramh 6,000 vóta aige ar iarrthóir Pháirtí na Comhghuaillíochta, Sorcha Eastwood, a mhéadaigh cion a páirtí 17% agus atá ag stocaireacht ó shin.

Ní fios cén tionchar a bheidh ag cúiseamh Donaldson as coireanna gnéis stairiúla, éigniú ina measc, ar an tinreamh nó ar vóta an DUP. Beidh Donaldson, a fuair breis is 40% de na vótaí sa gceantar ar feadh blianta, os comhair na cúirte arís ar an 3 Iúil, an lá roimh an toghchán, cor míthráthúil sa scéal don DUP nach raibh baint ná páirt acu leis na cionta atá curtha i leith iarcheannaire an pháirtí. Bhí tacaíocht ag Donaldson nár bhain le branda an DUP agus ní léir cad a dhéanfaidh na vótóirí sin. Míbhuntáiste eile don DUP is ea é dhá pháirtí aontachtacha a bheith san iomaíocht leo agus Alliance ag iarraidh iad a threascairt.

Tá triúr iarrthóirí ag maíomh go bhfuil seans maith acu ar an suíochán. Siad sin Teachta Tionóil an DUP sa Bhanna Uachtair, Jonathan Buckley, Teachta Tionóil an UUP, Robbie Butler agus Teachta Tionóil Pháirtí na Comhghuaillíochta, Sorcha Eastwood. Tá Lorna Smyth an TUV ag seasamh agus is é aidhm a páirtí ná sonc a thabhairt don DUP toisc gur ghlac siad le teorainn i Muir Éireann agus le creat Windsor agus gur fhill siad ar Stormont.

In 2022 bhí dhá shuíochán Tionóil ag an DUP (35%), dhá cheann ag Páirtí na Comhghuaillíochta (24%), agus ceann ag an UUP (19%). Bhí 7% ag an TUV. Bhí 5% nó 2,700 vóta ag Sinn Féin nach raibh san iomaíocht ach a mhol do dhaoine vótáil d’Eastwood. Bhí 6% nó 3,235 vóta ag an SDLP. Tá Simon Lee ag seasamh dóibhsean ach ní léir go bhfuil feachtas fuinniúil á rith ag an bpáirtí sa gceantar. Tá Patricia Denvir ag seasamh don Chomhaontas Glas a raibh 1%, beagán le cois 600 vóta acu in 2022. Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá vótálfadh náisiúnaithe, na mionpháirtithe, go teaicticiúil i bhfabhar Eastwood.

Tá an DUP ar a míle dícheall ag iarraidh an suíochán a choinneáil, Paul Givan, an tAire Oideachais, in Stormont, atá i bhfeighil an fheachtais. Tá tréaniarracht á déanamh acu agus Givan ag cur fainic ar an bpobal aontachtach go gcaillfear an suíochán má scaiptear na vótaí.

Léirigh pobalbhreith ag deireadh na seachtaine go bhfuil tacaíocht an DUP tite ó 2019 agus iad ag 21%, laghdú de bheagán ar 2022.

Maíonn an UUP go bhfuil tacaíocht mhór ag Robbie Butler a bhfuil ardmheas air sa toghcheantar ach chaithfeadh aontachtaithe eile tacú leis.

Níl aon fhianaise go fóill go bhfuil sé sin ag tarlú ach tá coicís acu chun a bhfeachtas a threisiú. Cúis iontais a bheadh ann dá mbéarfadh sé ar Eastwood a bhfuil an chóir lei, dar lena páirtí.

Go dtí seo is idir Buckley agus Eastwood atá an rás agus lucht staidrimh ag áireamh go bhféadfadh an bhearna eatarthu a bheith faoi bhun 1%.

Dúshlán á thabhairt d’fheisirí parlaiminte chontae an Dúin

An Bhanna Uachtair

Síneann an toghcheantar seo ó bhruach theas Loch nEathach, Droichead na Banna, siar go dtí an teorainn le contae Thír Eoghain; tá dúnáras na nOráisteach, Port an Dúnáin, ina lár. Bhain an DUP an suíochán Parlaiminte anseo ó David Trimble, ceannaire an UUP i gcomórtas drámatúil nimhneach in 2005 agus tá a ngreim ar an suíochán daingnithe acu ó shin. In 2019 ba í Carla Lockhart a toghadh don pháirtí le 41% den vóta, farasbarr 8,000 vóta ar Shinn Féin. Ba í Lockhart an t-aon bhean i measc fheisirí an DUP in Westminster.

Tá móramh aontachtach sa toghcheantar ach an coibhneas idir na páirtithe ag athrú. I dtoghchán an Tionóil in 2022 bhí Sinn Féin chun tosaigh ar an DUP. Bhí 1,000 vóta eatarthu, ach fuair an DUP dhá shuíochán agus bhí ceann ag Sinn Féin, an UUP agus Alliance. Bhí 8% de na vótaí ag an TUV a d’fhógair nach ngabhfadh siad san iomaíocht le Lockhart chun an baol go mbainfeadh Sinn Féin an suíochán a sheachaint. Gan dabht, bhí an TUV sásta le Lockhart mar vótáil sí in aghaidh mhargadh Jeffrey Donaldson chun filleadh ar Stormont agus glacadh le teorainn i Muir Éireann. Is cosúil go gcinntíonn cinneadh an TUV go mbeidh an lá le Lockhart ar an 4 Iúil.

Tá ceathrar eile san iomaíocht, Kate Evans an UUP, Catherine Nelson Shinn Féin, Malachy Quinn an SDLP agus an Teachta Tionóil Eoin Tennyson, Páirtí na Comhghuaillíochta. Meastar gur ag cothú a gcoda, ag faire vótaí a bpáirtithe don chéad choimhlint eile atá a bhformhór. Tá Carla Lockhart slán mura dtarlaíonn tubaiste gan choinne.

An tIúr/Ard Mhacha

Beidh feisire nua ag an toghcheantar seo i ndiaidh an 4 Iúil ó d’éirigh Micky Brady Shinn Féin as. Toghadh eisean in 2015 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Conor Murphy, a dhírigh ar Stormont. Choinnigh Brady an suíochán gan stró ó shin agus breis is 40% den vóta aige.

Díol suntais é gur duine nach bhfuil aithne mhór air go forleathan atá roghnaithe ag Sinn Féin mar iarrthóir, Daire Hughes. Ní raibh sé gníomhach go poiblí sa pholaitíocht le deich mbliana. Bhí sé ina mhéara sa tseanchomhairle san Iúr ach ina oibrí ag an bpáirtí san Eoraip agus ina leas-ardrúnaí ar Shinn Féin ina dhiaidh sin. Léiriú ar fhéinmhuinín Shinn Féin é duine nach raibh feiceálach a ainmniú mar iarrthóir. I dtoghchán an Tionóil 2022 bhaineadar trí shuíochán, bhí ceann ag an DUP agus ceann ag an SDLP.

Tá seachtar eile san iomaíocht, an comhairleoir Gareth Wilson an DUP, iarmhéara ar Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon; Sam Nicholson an UUP, Keith Ratcliffe an TUV agus Samantha Rayner atá ag na Caomhaigh. Is é Pete Byrne, cathaoirleach Chomhairle an Iúir, iarrthóir an SDLP. Cé nach bhfuil aoireacht an pháirtí ag an Teachta Tionóil Justin McNulty faoi láthair thacaigh sé le Byrne agus tuigim go ndearna sé roinnt stocaireachta leis. Bhí fadhbanna inmheánacha ag Alliance ansin freisin. D’imigh an t-iarrthóir a bhí acu in 2022 chuig an SDLP agus Helena Young, a comhthoghadh ar an gcomhairle le gairid, atá mar iarrthóir an geábh seo acu. Tá Liam Reichenberg sa rás ag Aontú.

Tá na geallghlacadóirí ag rá go mbeidh Sinn Féin slán.

Fág freagra ar 'An fear nach bhfuil ann atá ar intinn gach éinne i nGleann an Lagáin'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá fheisirí ar son na beatha de dhith ar tuaisceart na h-Éireann.
    In Ainm Dé.

  • Pádraig O'hEipicín

    Aontú abú.