Cuireadh ar athlá an Dáil tráthnóna nuair a buaileadh tinn Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan le linn dó a bheith ag freagairt ceisteanna.
Glaodh ar otharcharr agus cuireadh cóir leighis ar an Aire Stáit sular tugadh ó Theach Laighean é.
Bhí ceist á freagairt ag an aire stáit faoi chúrsaí sláinte ar an gCeathrú Rua, ceist a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív air.
Bhí an chuma ar an aire stáit go raibh giorra anála ag cur as dó agus go raibh sé ag dul deacair air labhairt.
Chuir an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl ceist air an raibh sé ag iarraidh sos a thógáil ach lean sé air nó go raibh a fhreagra tugtha aige.
Chuaigh an Ceann Comhairle agus daoine eile sall chuige ina dhiaidh sin agus cuireadh fios ar chóir leighis. Cuireadh an Dáil ar athlá don chuid eile den lá.
Amergín
Go dtaga biseach air go luath