D’aontaigh an Rialtas beartais nua inniu ar mhaithe le cosaint a thabhairt do thionóntaí nuair a thosófar ag cur deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú ag tús na míosa seo chugainn.
I measc na mbeartas, a mhol an Comhaontas Glas, cheannódh údaráis áitiúla tithe ina bhfuil tionóntaí atá ag fáil na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP).
D’fhágfadh a leithéid de bheartas go dtabharfaí isteach faoin scéim ‘tionónta- -in-situ’ na tithe príobháideacha sin.
Maidir le tionóntaí nach bhfuil ag fáil tacaíocht stáit ach go bhfuil an baol ann go bhfágfaí gan dídean iad, bheadh cead ag na húdaráis an teach a cheannach agus é a chur ar fáil dóibh ar bonn cíos de réir costais.
Tá rún á chur síos ag Sinn Féin sa Dáil tráthnóna a éilíonn go leanfaí leis an gcosc ar dhíshealbhú go dtí 2024. Tá Sinn Féin ag súil le brú polaitiúil a chur ar an rialtas faoin gcinneadh deireadh a chur leis an gcosc agus tacaíocht a fháil don rún ó neamhspleáigh agus cúlbhinseoirí.
Beidh díospóireacht faoi rún Shinn Féin ar siúl anocht ach amárach a bheidh an vóta faoi.
Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin, go mbeadh aon Teachta Dála neamhspleách a thacódh leis an Rialtas “ag cur d’aon ghnó le heaspa dídine”.
Cé nach gcuirfeadh rún Shinn Féin aon cheangal ar an Rialtas, mhaígh Ó Broin go gcuirfeadh sé brú orthu dul siar ar a gcinneadh.
Tá an Rialtas ag súil go gcuirfidh na beartais nua a pléadh ag cruinniú rialtais inniu an brú sin ó dhoras.
Fág freagra ar 'Glactha ag an Rialtas le beartais nua chosanta do thionóntaí'