‘Ní dream soineanta muid’ – amhras faoi chaint na Rúise faoi mhaolú a n-ionsaithe ar Kyiv

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe tá breis is ceithre mhilliún duine teite ón Úcráin go dtí tíortha eile ó thosaigh an cogadh cúig seachtaine ó shin

‘Ní dream soineanta muid’ – amhras faoi chaint na Rúise faoi mhaolú a n-ionsaithe ar Kyiv

Tuairiscítear go raibh ionsaithe fós ar siúl thart ar chathracha Kyiv agus Chernihiv ar maidin in ainneoin mhaíomh na Rúise go bhfuil sé i gceist acu maolú go mór a ngníomhaíochtaí catha sna ceantair sin.

Comhartha na hionsaithe sin go bhfuil an cogadh fós beo beathach ansin.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, nach dream “soineanta” iad muintir na hÚcráine agus gur thuig siad nár chóir an iomarca muiníne a chur i ráitis na Rúise faoin gcogadh.

“Tá foghlamtha ag muintir na hÚcráine ón 34 lá den ionradh agus ón gcogadh sa Donbas le hocht mbliana anuas nach féidir muinín a chur ach i dtorthaí coincréiteacha,” arsa Zelensky.

Is dócha anois go leanfaidh an idirbheartaíocht chomhréitigh ar aghaidh ar feadh seachtainí.

Bhí dóchas ann tar éis cainteanna síochána an lae inné go maolódh ionradh na Rúise san Úcráin ach is cosúil nach amhlaidh an cás.

Tá tuairiscí ann inniu ó oifigigh áitiúla go ndearnadh ionsaithe as an nua ar imeall na príomhchathrach Kyiv agus ar Chernihiv sa tuaisceart – an dá cheantar ar gheall an Rúis go laghdófaí na hionsaithe orthu go mór.

Rinne an Chreimil a bheag den dóchas a bhí le brath ó na cainteanna síochána in Iostanbúl inné go dtiocfaí ar réiteach.

Dúirt urlabhraí dá cuid, Dmitry Peskov nár dúradh aon rud a thabharfadh misneach do dhuine agus nach ndearnadh aon dul chun cinn.

Bhí oifigigh ag caint go mbeadh seachtainí cainte is idirbheartaíochta le déanamh go fóill.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, aréir go raibh na cainteanna ‘dearfach’ ach nár “stop na comharthaí sin sliogáin na Rúise”.

Gheall an Rúis ar an Máirt go n-aistarraingeoidís a bhfórsaí as Kyiv agus Chernihiv, ach dúirt gobharnóir réigiún Chernihiv nach raibh aon fhaoiseamh ó na hionsaithe aréir.

Measann lucht rialtais san Úcráin gur de bharr go raibh ag teip ar an Rúis aon chríocha a ghabháil in go leor áiteanna an chúis gur gheall an Rúis go maolófaí ar na hionsaithe sna cathracha sin.

Leanadh ag rúscadh sliogán le ceantair eile.

Deir lucht riaracháin na hÚcráine go bhfuil an Rúis ag scaoileadh sliogán le formhór na gcathracha atá ar an líne thosaigh i réigiún thoir Donetsk, mar a bhfuil dianchogaíocht ar siúl ó thús an áir.

Measann lucht anailíse go bhfuil beagnach ceannas iomlán ag an Rúis ar chathair chalafoirt Mariupol, cathair atá faoi léigear le thart ar mhí agus a meastar na mílte duine a bheith maraithe inti ó thús an ionraidh.

Tá os cionn deich milliún duine teite óna mbailte ó thosaigh ionradh na Rúise ar ag deireadh mhí Feabhra agus maraíodh na mílte sibhialtach agus saighdiúir. Tá cuid mhór den Úcráin scriosta ag na hionsaithe.

Chuir an t-ionradh tús leis an ngéarchéim teifeach is measa san Eoraip ón dara cogadh domhanda. De réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe tá breis is ceithre mhilliúin duine teite ón Úcráin go dtí tíortha eile ó thosaigh an cogadh cúig seachtaine ó shin.

Deir Clár Domhanda an Bhia gur éirigh leo cabhrú le milliún duine san Úcráin ó thús an chogaidh agus go mbíonn daoine ansin gan aon bhia acu ar feadh roinnt laethanta.

Fág freagra ar '‘Ní dream soineanta muid’ – amhras faoi chaint na Rúise faoi mhaolú a n-ionsaithe ar Kyiv'