Tá an Ghaeilge ar cheann de cheithre theanga nua atá curtha leis an inneall aistriúcháin Amazon Translate.
D’fhógair Amazon go bhfuil an Ghaeilge, Marathi, Puinseáibis agus Portaingéilis na Portaingéile anois i measc an 75 teanga ar fud an domhain ar féidir iad a aistriú ar Amazon Translate.
Murab ionann is Google Translate, bíonn ar dhaoine íoc as seirbhís Amazon a úsáid, cé gur féidir líon áirithe focal a aistriú saor in aisce.
Tá Amazon Translate dírithe níos mó ar chomhlachtaí agus eagraíochtaí ná ar an ngnáthdhuine atá ag iarraidh cúpla líne a aistriú.
Karen Donn
Alexa says she only knows 8 languages, and won’t tell me which ones.
Pádraig
Tá sin maidir leis na teangacha a thuigeann sí, ní na teangacha inar féidir lei Aistriú ón Bhéarla.