An Ghaeilge anois ar cheann de 75 teanga ar Amazon Translate

Murab ionann is Google Translate, bíonn ar dhaoine íoc as seirbhís Amazon a úsáid, cé gur féidir líon áirithe focal a aistriú saor in aisce

An Ghaeilge anois ar cheann de 75 teanga ar Amazon Translate

Tá an Ghaeilge ar cheann de cheithre theanga nua atá curtha leis an inneall aistriúcháin Amazon Translate.

D’fhógair Amazon go bhfuil an Ghaeilge, Marathi, Puinseáibis agus Portaingéilis na Portaingéile anois i measc an 75 teanga ar fud an domhain ar féidir iad a aistriú ar Amazon Translate.

Murab ionann is Google Translate, bíonn ar dhaoine íoc as seirbhís Amazon a úsáid, cé gur féidir líon áirithe focal a aistriú saor in aisce.

Tá Amazon Translate dírithe níos mó ar chomhlachtaí agus eagraíochtaí ná ar an ngnáthdhuine atá ag iarraidh cúpla líne a aistriú.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge anois ar cheann de 75 teanga ar Amazon Translate'

  • Karen Donn

    Alexa says she only knows 8 languages, and won’t tell me which ones.

  • Pádraig

    Tá sin maidir leis na teangacha a thuigeann sí, ní na teangacha inar féidir lei Aistriú ón Bhéarla.