Dia idir sinn agus an deus ex machina!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is ann don philéar fánach san fhíorshaol – faraor – ach níor chóir dá leithéid a bheith i saothar ficsin

Dia idir sinn agus an deus ex machina!

Shíl mé go raibh an t-úrscéal atá idir lámha agam le roinnt mhaith blianta anuas nach mór críochnaithe. Babhta eagarthóireachta amháin eile, a shíl mé, agus cuirfidh mé sa phost chuig na foilsitheoirí é.

Bhí mé ag treabhadh liom, ag díriú go háirithe ar rithim na hinsinte trí chéile agus ar rithim na n-abairtí aonair féin. Tháinig mé chomh fada le radharc gar don lár a shíl mé nach dtabharfadh mórán trioblóide dom; trí nó ceithre lá oibre ar a mhéid, a shamhlaigh mé. Ach trí nó ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, bhí mé fós sáinnithe sa radharc sin.

Bhí mé i bponc. Agus chuimhnigh mé ar rud a scríobh an saoi scríbhneoireachta ó Mheiriceá, Annie Dillard, ina sárleabhar The Writing Life:

When you are stuck in a book; when you are well into writing it, and know what comes next, and yet cannot go on; […] then the trouble is either of two things. Either the structure has forked, so the narrative, or the logic, has developed a hairline fracture that will shortly split it up the middle – or you are approaching a fatal mistake.

Leagan den chéad fhadhb a bhí i gceist i mo chás-sa: scoilt fhíorchaol a lagaigh struchtúr an tsaothair.

Níorbh é an príomhphlota a bhí ag tabhairt trioblóide dom ach cúlra an scéil: cogaíocht drugaí sa cheantar ina bhfuil cónaí ar dhuine de na príomhcharachtair,  favela contúirteach sa Bhrasaíl. Bhí tagairtí go leor don fhoréigean sin san úrscéal cheana féin: comhrac lámhaigh ansin, piléar fánach ansiúd, grianghraif de choirp agus íospairt déanta orthu á roinnt ag an mbuíon drugaí áitiúil i ngrúpaí ‘pobal ar aire’ ar WhatsApp.

Ní gan chúis a bhí na tagairtí sin sa leabhar: bhí an ‘cúlra’ sin ar fad ag teastáil uaim ionas go mbeadh sé inchreidte go bhfaigheadh carachtar tánaisteach (ach ceann fíorthábhachtach) bás i dtreo dheireadh an tsaothair nuair a bhuailfeadh piléar fánach í.

Bhí na tagairtí ann – ach ní raibh an scéal ann.

‘Cogaíocht drugaí’, a scríobh mé, seachas a mhíniú cé a bhí i mbun na cogaíochta, cé leis agus cén fáth. ‘Urchar ar strae’ a scríobh mé, ag glacadh leis go dtuigfeadh an léitheoir gur cuid den saol a leithéid sa Bhrasaíl, faraor.

Bhí easnamh ar an bhfophlota: ba é sin an scoilt fhíorchaol a lagaigh struchtúr m’úrscéil. Lagaigh? Chuir sí i gcontúirt mhór é! Dá mhéid tagairtí don fhoréigean uirbeach a chuirfinn isteach sa scéal, bheadh cuma an deus ex machina ar an bpiléar fánach sin a mharódh an carachtar tánaisteach bocht úd mura n-eascródh an scéal an urchair as an scéal féin.

Ar dtús, thriail mé an fhadhb sin a réiteach ar an spota, sa radharc ina raibh mé i bponc gar do lár an tsaothair. Ach ar ndóigh ní thagann fophlotaí nua chun cinn chomh mall sin sa scéal agus, anuas air sin, theipfeadh scun scan ar aon iarracht fophlota nua a scríobh mura dtiocfadh sé chun cinn go nádúrtha, mar chuid den mhórscéal. Ní raibh rogha ar bith agam: bhí orm dul siar go dtí an tús agus iarracht a dhéanamh snáithe scéil nua a fhí isteach in éadach an úrscéil.

Úrscéalaithe eile amháin a thuigfidh a chasta is a bhíonn a leithéid: an meafar is fearr a ritheann liom ná iarracht a dhéanamh cárta a bhí in easnamh i mbunsraith chaisleán cártaí a chur isteach gan na ballaí, na túir agus an díon a leagan. Nuair a bhíonn úrscéal chóir a bheith críochnaithe, tá an baol ann go gcuirfidh abairt bhreise ar bith abairt éigin eile – nó níos measa fós, struchtúr an tsaothair ar fad – as a riocht.

Ach sa chás seo ní raibh aon rogha agam. Dia idir sinn agus an deus ex machina!

Fág freagra ar 'Dia idir sinn agus an deus ex machina!'

  • Brendan Keane

    Bhainim fíor-spreagadh as an alt seo.