Fuair mé drochscéal maidin Dé Luain.
Tá an bhean ar thug mé ‘mo mháthair Bhrasaíleach’ uirthi agus a thugadh ‘mo mhac ón iasacht’ ormsa ar shlí na fírinne. Chaith sí seachtain san ionad dianchúraim in ospidéal i gcathair Salvador sular thóg an Covid-19 (agus diaibéiteas nár tugadh faoi deara roimhe sin) uainn í.
Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá os cionn 314,000 duine sa Bhrasaíl tar éis bháis ó Covid-19. Gach lá, faigheann isteach is amach le 3,000 Brasaíleach eile bás ón ngalar. Go dtí seo, ní raibh éinne a raibh aithne agam féin air nó uirthi ina measc, ach anois tá duine de na Brasaíligh ba mhó a raibh cion agus meas agam orthu ar lár.
Gan dabht, beidh aithne ag cuid de phobal na Gaeilge ar Nadiege Nascimento Reis, nó Naná, mar a thug gaolta agus cairde uirthi. Ba í réalta mhór an chláir faisnéise Faoistin Favela a rinne mé do TG4 in 2008 agus bhí ról lárnach aici i mo chéad leabhar, Favela, a foilsíodh an bhliain dár gcionn agus ar scríobh mé cuid mhór de ina teach.
I léirmheas i mBéarla ar an leabhar sin a scríobh Manchán Magan san Irish Times ag an am, thug sé ‘an indefatigable font of common sense’ ar Naná, rud a bhain gáire mór groí aisti nuair a dúirt mé sin léi. Ach foinse dhochloíte céille a bhí inti cinnte, agus foinse dhochloíte gaoise, leis – gaois ar tháinig cuid shuntasach di anall trí na blianta agus anall ón Afraic ach a bhí fréamhaithe go daingean, ag an am céanna, i mBrasaíl an lae inniu. Bhíodh nath cainte fileata aici do chuile ócáid agus comhairle stuama agus barróg láidir d’éinne a bheadh ina gátar. Ba mhatrarc í, ollmháthair dhubh a threoraigh a clann mac agus an chuid eile dá muintir trí dhúshláin an tsaoil i mbruachbhaile bocht go socair, stuama. Bean í nach mbainfeadh aon rud siar aisti.
Is maith is cuimhin liom an lá a ndúirt a mac, Nilton, léi go raibh seisean agus mise ag siúl amach le chéile. Bhí faitíos nach beag ormsa faoina mbeadh le rá aici, ach ghlac sí féin agus an chuid eile dá muintir liom mar chuid den chlann agus níor athraigh sin nuair a scar mé féin agus Nilton óna chéile roinnt blianta ina dhiaidh sin.
Is cuimhin liom freisin comhrá a bhí agam léi an tráth seo anuraidh, nuair a bhí an phaindéim agus an chéad dianghlasáil díreach fógartha.
‘Tiocfaidh an lá go ndéanfaimid gáire faoi seo ar fad,’ a dúirt sí. “Tiocfaidh an lá a ndéarfaimid lena chéile ‘An cuimhin leat aimsir an choróinvíris, nuair a bhí orainn fanacht sa bhaile agus masc a chaitheamh ar ár n-aghaidh?’”
Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní raibh an gáire sin sa chinniúint di, in ainneoin gur chloígh sí leis na srianta dianghlasála go docht ón gcéad uair ar fógraíodh iad, ní hionann agus go leor Brasaíleach eile.
Ba spioradálaí í Naná. Chreid sí féin agus creideann cuid mhór dá clann go láidir san athionchollú.
‘Mar is eol duit, ní ann don bhás dúinne,’ a dúirt Nilton liom i dteachtaireacht fuaime an lá a bhfuair a mháthair bás. ‘Táimid faoi bhrón, ar ndóigh, toisc go mothóimid uainn í, toisc nach mbeimid in ann cuairt a thabhairt uirthi agus barróg a thabhairt di, go fóilleach pé scéal é. Beidh nuair a fhillfimid féin ar an mbaile spioradálta freisin.’
An suaimhneas sin a bhí sí in ann a chothú i ndaoine eile le focail stuama nó le barróg agus a bhí bunaithe ar a creideamh láidir, is mór a mhothóidh mé uaim é.
Suaimhneas síoraí lena hanam.
Descanse em paz, Naná.
alan titley
Tá brón orainn duit, Alex, b’in píosa álainn mar gheall uirthi. Suaimhneas di agus gach rath ortsa.
Brian O'Conchubhair
Is dona liom do bhris, a chara
Poraic o'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a h-Anam uasal.
Alex
Go raibh maith agaibh, a chairde.
Donncha Ó hÉallaithe
Fíor scríofa agat, Alex. Is trua liom do chailliúnt.
Breathnóir1
Alt an-deas a chuireann aghaidh dhaonna ar na staitisticí uafásacha atá ag teacht ón Bhrasaíl le tamall anuas. Breis is 4,000 básaithe de COVID-19 sa Bhrasaíl díreach inné! Tá sé scannalach ar fad.
Áine
Beannacht Dé léithi a Alex – bean ar leith is léir a bhí inti, ní maith liom do thrioblóid.