Tá conspóid tarraingthe in Westminster ag an nGaeilge agus an Bhreatnais agus raic ann faoi fheisire Parlaiminte a labhair na teangacha sin i dTeach na dTeachtaí.
Ghuigh feisire de chuid Plaid Cymru Liz Saville Roberts beannachtaí na féile Pádraig ar an teach i nGaeilge agus i mBreatnais Dé Céadaoin seo caite ach ghearr an Spéicéir isteach uirthi nuair a cheap sé go raibh sí chun leanúint uirthi ag labhairt i mBreatnais.
Dúirt an Spéicéir, Sir Lindsay Hoyle, léi stopadh agus go raibh sé in aghaidh rialacha an Tí tada níos faide ná beannacht a thabhairt sa Bhreatnais.
Nuair a mhínigh Saville Roberts gur i nGaeilge a bhí cuid dá beannacht, dúirt Hoyle nach raibh aon fhadhb aige leis sin agus nach raibh sé ach ag iarraidh rialacha an Tí a chur i bhfeidhm.
Bhain tuilleadh conspóide leis an scéal nuair a thug Jacob Rees-Mogg, ceannaire Theach na dTeachtaí, teanga iasachta ar an mBreatnais.
Bhí Rees-Mogg ag iarraidh Saville Roberts a chosaint maidir le húsáid na dteangacha nuair a dúirt sé go raibh “modest quotation in foreign languages” ceadaithe ach nach raibh óráidí iomlána i dteanga eile seachas an Béarla ceadaithe.
I bhfreagra a thug sí ar Twitter ar an méid a bhí le rá ag Rees-Mogg, dúirt Saville Roberts nach teanga iasachta í an Bhreatnais agus go raibh sí á labhairt sa Bhreatain ar feadh na gcéadta bliain fiú sularbh ann don Bhéarla.
Jacob Rees Mogg may not be aware, but Welsh is not a “foreign language”. It had been spoken in Britain for hundreds of years before English even existed.
Proof, if ever it were needed, that Etonian eloquence =/= education. pic.twitter.com/zehXffgI52
— Liz Saville Roberts AS/MP (@LSRPlaid) March 18, 2021
Ní hí seo an chéad uair ag Saville Roberts an Ghaeilge a labhairt i dTeach na dTeachtaí. In 2018, bhain sí úsáid as an teanga chun ceist a chur maidir le hacht Gaeilge ó thuaidh.
Measadh go bhféadfadh gurbh í sin an chéad uair a labhraíodh an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain.
Eoin Ó Murchú
Is ábhar íonaidh é nár cháin Micheál Martin í as bheith scoilteach agus ag gríosadh conspóide.
S. Mac Muirí
Níor chuimhnigh diabhal an bhéarla soin ar an gCoirnis ar chor ar buth.
Spéisiúil go leor.
Gerry
Is docha nach raibh misneach go leor ag na hÉireannaigh eile a thóg áit ansin Gaeilge a labhairt. Bullaí fir don bhean seo as An Bhreatain Bheag.
An Teanga Bheo
Divided kingdom san Eoraip sinne
Éamonn Ó Gribín
Deir Jacob Rees Mogg “is dócha go mbeadh an costas ‘áis aistriúcháin chomhuainigh’ a fháíl díréireach…”……b’fhéidir go bhféadfadh Saville Roberts ceist i scríbhinn a chur síos ag iarraidh ar an dTeach a fháil amach cé mhéid a chosnódh saoráid den sórt sin go díreach.
“Aut viam inveniam aut faciam.”(Gheobhaidh mé nó déanfaidh mé bealach.)
(Mar a dúirt Hannabal, agus na hAlpa á dhreapadh aige)