Bíonn craoltóireacht teilifíse na Gaeilge dírithe den chuid is mó ar pháistí agus ar an lucht féachana ginearálta, bíonn sí ag brath ar líon an-ard athchraoltaí agus is ar éigean gurb ann di aon áit eile seachas ar TG4.
Sin cuid den phictiúr den chraoltóireacht Ghaeilge agus dhátheangach a fhaightear i dtuarascáil taighde nua atá foilsithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann.
Léiríonn an anailís a rinne an BAI ar sheachtain amháin de chláracha teilifíse Gaeilge agus dátheangacha go raibh beagnach dhá thrian díobh dírithe ar pháistí.
Athchraoltaí a bhí i 68% de na cláracha ar fad a craoladh le linn na seachtaine.
Cuirtear mioneolas ar fáil i Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge faoi na cineálacha clár a craoladh, cén lucht féachana ar a raibh siad ag díriú, an leibhéal Gaeilge a bhí iontu agus cibé an ag buaic-am féachana nó a mhalairt a craoladh iad.
Leanaí an lucht féachana ba mhó a raibh na cláir theilifíse dírithe orthu agus an lucht féachana ginearálta ansin.
Ceann amháin as gach cúig chlár a bhí dírithe ar an nduine fásta a bhfuil Gaeilge líofa aige.
Den 5,511 nóiméad de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha a craoladh le linn na seachtaine a bhí i gceist – an 7-13 Deireadh Fómhair 2019 – craoladh 88% díobh ar TG4 agus 6% díobh ar RTÉ.
77% den ábhar teilifíse a bhí i nGaeilge amháin agus 23% a bhí dátheangach – clár a mbíonn 30% de ar a laghad i nGaeilge an sainmhíniú atá ag an BAI ar chlár dátheangach.
Líon na nóiméad as Gaeilge | Teilifís | Raidió | Móriomlán |
---|---|---|---|
Lán-Ghaeilge | 4,224 | 30,978 | 35,202 |
Dátheangach | 1,287 | 6,648 | 7,935 |
Iomlán | 5,511 | 37,626 | 43,136 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
As an 339 clár Gaeilge nó dátheangach a craoladh le linn na seachtaine, 224 clár a bhí dírithe ar pháistí, 12 clár a bhí dírithe ar dhaoine fásta agus 101 clár a bhí dírithe ar an lucht féachana ginearálta. Dhá chlár a bhí dírithe ar aosaigh óga.
Cláracha teilifíse – 339 clár | ||
---|---|---|
Clár páistí | 224 | 66% |
Clár do Lucht féachana ginearálta | 101 | 29.8% |
Clár do dhaoine fásta | 12 | 3.5% |
Clár d’aosaigh óga | 2 | 0.6% |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
16.3 nóiméad ar an meán a mhair na cláracha Gaeilge agus dátheangacha.
Na cláracha Gaeilge agus dátheangacha a craoladh ó Luan go hAoine níor chuaigh ach 16% acu amach ag an mbuaic-am féachana. 19% de na cláracha ag an deireadh seachtaine a chuaigh amach ag an mbuaic-am féachana.
Nuair a fhágtar na cláracha do pháistí as an áireamh craoladh 47% de na cláracha Gaeilge agus dátheangacha ag an mbuaic-am féachana le linn na seachtaine agus 53% a bhí i gceist ag an deireadh seachtaine.
Maidir leis an leibhéal Gaeilge sna 339 clár Gaeilge agus dátheangach bhí 60% acu, 202 clár, dírithe ar thosaitheoirí agus foghlaimeoirí, léiriú eile ar líon ard na gclár do pháistí.
Bhí 73 clár, nó 21.5% den iomlán, dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge ar ‘mheánchaighdeán’ acu. 19%, nó beagán níos lú ná clár amháin as gach cúig cinn, a bhí dírithe ar an gcainteoir líofa fásta.
Spriocleibhéal Gaeilge na gClár | Teilifís | Raidió |
---|---|---|
Foghlaimeoir | 202 | 39 |
Idirmheánach | 73 | 188 |
Duine líofa | 64 | 509 |
Iomlán | 339 | 736 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
Deirtear sa tuarascáil: “Do chláir Ghaeilge/dhátheangacha ar Raidió ba iad Daoine Líofa an sprioclucht [-éisteachta] is mó, le Cainteoirí idirmheánacha agus Foghlaimeoirí ina ndiaidh. B’fhéidir go míníonn sé seo an fáth go bhfuil na cláir dírithe den chuid is mó ar Dhaoine Fásta.
“A mhalairt phatrúin a bhí i gceist maidir le cláir Teilifíse; ba iad Foghlaimeoirí an sprioclucht [-féachana] is mó do chláir Ghaeilge/Dhátheangacha, le Cainteoirí idirmheánacha agus Cainteoirí líofa ina ndiaidh, rud a léiríonn an céatadán níos mó de chláir atá dírithe ar…[lucht féachana] Ginearálta agus Leanaí,”.
173, nó 51% de na cláracha Gaeilge agus dátheangacha a craoladh le linn na seachtaine, ba chláracha beochana iad. Cláracha siamsaíochta ab ea 19% de na cláracha agus cláracha fíorasacha (factual) a bhí in 14.4%. 1.5% de na cláracha ba chláracha drámaíochta iad.
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
Formáid na gClár
Teilifís
Raidió
Saothar Beochana
173
Siamsaíocht
65
419
Oideachas
55
55
Fíorasach
49
176
Eile
23
23
Clár Faisnéise
19
5
Clár léirmheasa
17
17
Drámaíocht
5
5
Clár nós maireachtála
5
36
Iomlán
339
736
Cláracha do pháistí an seánra ba mhó le 63.4%, an eolaíocht, an nádúr agus an timpeallacht a bhí sa dara háit ar 10.9% agus bhain 6.5% le seánra an cheoil.
Cláracha cúrsaí reatha agus nuachta a bhí in 15 den 339 clár Gaeilge agus dátheangach a craoladh le linn na seachtaine, nó 4.4% den iomlán.
Ar TG4 a craoladh 278 de na 339 clár, nó 82%.
Seánra na gClár | Teilifís | Raidió |
---|---|---|
Clár do Leanaí | 215 | 2 |
An Eolaíocht, An Dúlra, An Timpeallacht | 37 | 3 |
Ceol | 22 | 377 |
Clár creidimh | 17 | 17 |
Eile | 16 | 19 |
Nuacht agus Cúrsaí Reatha | 15 | 108 |
Spórt | 13 | 4 |
An tSochaí Chomhaimseartha | 12 | 128 |
An Stair, An Oidhreacht | 5 | 32 |
Na hEalaíona agus an Cultúr | 4 | 46 |
Iomlán | 339 | 736 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann a chéad Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge mar chuid dá Phlean Gníomhaíochta Gaeilge.
Agus an tuarascáil seo á hullmhú ag an BAI, d’iarr siad ar chraoltóirí sonraí maidir le cláir agus taifeadtaí a chur ar fáil dóibh do sheachtain faoi leith mí Dheireadh Fómhair 2019. Ón eolas sin bhíodar ábalta líon agus réimse na gclár Gaeilge is dátheangach a bhíonn á gcraoladh ar an teilifís agus ar an raidió gach seachtain a thomhas.
Tá sonraí sa tuarascáil faoi cé mhéad nóiméad de chláracha Gaeilge is cláracha dátheangacha a craoladh an tseachtain sin.
Sa tréimhse seacht lá a scrúdaíodh (ón 7-13 Deireadh Fómhair 2019), craoladh 718.93 uair an chloig de chláir a bhí i nGaeilge nó dátheangach, as 1,075 clár ar fad.
Cláir raidió a bhí i gceist 87% den am sin agus 13% a bhí ar an teilifís.
As an 1,075 clár sin ar fad, craoladh 736 clár díobh (68%) ar raidió agus craoladh 339 clár (32%) ar an teilifís.
Bhí 854 clár díobh i nGaeilge (79%) agus dátheangach a bhí 221 clár (21%).
Craoladh 793 (74%) den 1,075 clár ón Luan go hAoine. Craoltóirí Gaeilge a rinne 644 clár den 1,075 clár agus craoltóirí eile a léirigh 431 acu.
Ó thaobh an raidió de, bhí an scéal níos cothroime mar craoltóirí Gaeilge a léirigh 50% de na cláracha agus craoltóirí eile a léirigh an leath eile. Bhí formhór an ábhair dírithe ar lucht féachana ginearálta nó daoine fásta.
Scéal eile ab ea sonraí na teilifíse mar is craoltóirí seirbhíse poiblí a léirigh 94% de na craoltaí Gaeilge/dátheangacha.
Siamsaíocht an cineál raidió is mó a craoladh (57%), cláir faisnéise an dara rogha (24%) agus oideachas an tríú rogha (7.5%).
Agus é ag caint ar an tuarascáil dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Is fada é aitheanta ag an BAI gur gá cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán a fhorbairt san earnáil closamhairc. Creidimid má bhíonn pictiúr cruinn againn de líon agus caighdeán an ábhair atá á chraoladh againn, gur fearr a bheimid ábalta buanna agus laigí na gclár a aithint agus díriú ar na réimsí a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu.
“Cé nach raibh an taighde seo ag díriú ar chomhlíonadh dualgais, is léir go bhfuil craoltóirí dílis go maith dá ndualgais i leith cláracha Gaeilge agus aithnítear sa tuarascáil roinnt réimsí a bheidh le feabhsú amach anseo.”
Dúirt O’Keeffe go raibh an BAI tiomanta “eolas agus sonraí a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile go leanúnach ar mhaithe le heolas agus feasacht ar chláracha Gaeilge/dátheangacha a fheabhsú agus deiseanna forbartha amach anseo a aithint.”
Colm ó Cathasaigh
Céard faoin céadatán atá dírithe ar Oideachas?