Scrúdú cainte na hArdteiste le teacht slán ón bpaindéim i mbliana – tuairiscí

Táthar ag súil le fógra go luath faoi cad atá i ndán do dhaltaí Ardteiste na bliana seo

Scrúdú cainte na hArdteiste le teacht slán ón bpaindéim i mbliana – tuairiscí

Tuairiscítear go dtiocfaidh scrúdú cainte na Gaeilge slán ó na deacrachtaí le hArdteist na bliana seo.

Táthar ag súil le fógra go luath faoi cad atá i ndán do dhaltaí Ardteiste na bliana seo agus meastar go mbeidh na scrúduithe cainte agus praiticiúla mar chuid de scrúdú na bliana seo.

Cuireadh ar ceal anuraidh na scrúduithe cainte de bharr na paindéime.

Is fiú 40% de mharc iomlán scrúdú Gaeilge na hArdteiste an scrúdú cainte.

Tuairiscítear go bhfuil scagadh déanta ar roinnt múnlaí éagsúla do na scrúduithe cainte, scrúdú ar líne ina measc. 

Baineann dúshlán de ghnáth le teacht ar mhúinteoirí chun na scrúduithe cainte a dhéanamh agus bheadh deacrachtaí ar leith i mbliana ann.

Idir an dá linn, meastar go dtabharfar rogha do dhaltaí Ardteiste i mbliana a bheidh bunaithe ar scrúduithe traidisiúnta mí an Mheithimh agus leagan nua de chóras na ngrád measta a úsáideadh anuraidh. 

Ag labhairt dó ar 7Lá ar TG4 aréir, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh súil aige go mbeadh soiléiriú inniu ann faoi cad atá i ndán do dhaltaí na hArdteiste.

Cuirfidh an tAire Oideachais Norma Foley an t-eolas is déanaí faoi mheasúnú na hArdteiste ar fáil d’fhochoiste oideachais an rialtais inniu agus go leor ag tnúth go bhfógrófar na pleananna don scrúdú sin gan mhoill.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur aithin sé go maith an strus agus an imní atá ar dhaltaí agus orthu sin ar fad atá ag plé le hearnáil an oideachais agus dúirt go raibh súil aige go mbeadh soiléiriú ar fáil go luath.

Dúirt an Taoiseach ar 7Lá nach mbeadh “milliún dalta” ag filleadh ar an scoil ag an am céanna. Bheifí “an-chúramach” faoi athoscailt na scoileanna agus is go “mall” a tharlódh toisc a thógálaí is atá an cineál nua den choróinvíreas.

De réir a chéile a fhillfidh daltaí ar na scoileanna ach a n-osclófar arís iad.

D’fhillfeadh daltaí na hArdteiste ar dtús agus d’fhillfeadh naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra ina dhiaidh sin.

Is é is dóichí ná a mhalairt ná nach mbeidh scrúduithe traidisiúnta ann don Teastas Sóisearach i mbliana agus gur córas meastacháin eile a úsáidfear.  

Fág freagra ar 'Scrúdú cainte na hArdteiste le teacht slán ón bpaindéim i mbliana – tuairiscí'