Thángthas ar chorp i nGaeltacht Dhún na nGall sa chuardach a bhí ar bun d’Ann O’Donoghue, an bhean 68 bliain d’aois a chuaigh ar iarraidh in Anagaire Dé Máirt.
Thángthas ar an gcorp ag Corrán Binne ar chósta Dhún Fionnachaidh inné agus tugadh go dtí ospideál Leitir Ceanainn é. Tugadh carr chun bealaigh ón láthair chomh maith.
Tá deireadh curtha anois leis an gcuardach d’Ann O’Donoghue, iarfhiaclóir a raibh aithne mhór uirthi sa cheantar.
Bhí dianchuardach ar bun sa cheantar Gaeltachta ó d’imigh Ann O’Donoghue gan tásc gan tuairisc i ndiaidh di “teachtaireacht téacs neamhghnách” a sheoladh go dtí a fear céile, John.
Poraic o'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a h-Anam.