Pléifear cás na logainmneacha Breatnaise i bparlaimint na Breataine Bige agus achainí nach n-aistreofaí logainmneacha go Béarla sínithe ag na mílte duine.
Deir an achainí go bhfuil an t-aistriúchán ag scrios oidhreacht na Breatnaise de réir a chéile agus gur cheart logainmneacha agus ainmneacha tithe a choinneáil i dteanga dhúchais na tíre.
Ní mór 5,000 síniú a fháil d’achainí sula gcuirfear í faoi bhráid Senedd Cymru, Parlaimint na Breataine Bige, ach tá tacaíocht mhór léirithe ag an bpobal don achainí seo agus í sínithe ag breis agus 16,000 duine.
Meastar go bhfuil nós ann logainmneacha Breatnaise a mbíonn Béarlóirí ag streachailt leo a aistriú.
Bhí Huw Edwards, léitheoir nuachta aitheanta an BBC, ar dhuine díobh siúd a scaip an scéal agus é ráite aige go raibh cuid de na haistriúcháin a bhí déanta ón mBreatnais go Béarla gránna ar fad.
Mheas Chris Bryant MP, feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre do cheantar Rhondda i ndeisceart na Breataine Bige nár cheart do Edwards a thuairim ar an scéal a roinnt go poiblí ach dúirt an t-iriseoir go raibh sé ag seasamh an fhóid ar son a n-oidhreacht chultúrtha.
Fág freagra ar 'Conspóid faoi aistriú logainmneacha Breatnaise le plé sa pharlaimint'