Raic idir láithreoir de chuid an BBC agus feisire parlaiminte faoi chonspóid teanga

Scaip Huw Edwards, léitheoir nuachta aitheanta, scéal ó shuíomh nuachta an BBC a rinne cur síos ar achainí go gcoinneofaí logainmneacha Breatnaise mar atá

Raic idir láithreoir de chuid an BBC agus feisire parlaiminte faoi chonspóid teanga

Huw Edwards

Tá cáineadh déanta ag feisire de chuid Pharlaimint Westminster ar láithreoir de chuid an BBC a labhair amach ar son na Breatnaise.

Scaip Huw Edwards, léitheoir nuachta aitheanta, scéal ó shuíomh nuachta an BBC a rinne cur síos ar achainí nach n-aistreofaí logainmneacha Breatnaise go Béarla.

Dúirt Edwards ar Twitter go raibh a leithéid ag tarlú ar feadh na mblianta sa Bhreatain Bheag agus nach raibh tada déanta faoi. Dúirt sé go raibh cuid de na haistriúcháin a bhí déanta ón mBreatnais go Béarla gránna ar fad.

Bhí Chris Bryant MP, feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre do cheantar Rhondda i ndeisceart na Breataine Bige, den bharúil nár cheart d’Edwards a thuairim phearsanta faoin scéal a roinnt. Mheas Bryant, ball de Pháirtí an Lucht Oibre, nár cheart don BBC ligean d’iriseoirí de chuid an chraoltóra a dtuairimí pearsanta a thabhairt.

Níor ghéill Edwards, áfach. Dúirt sé mar fhreagra gur cainteoir Breatnaise é féin agus go raibh sé ag seasamh an fhóid ar son a n-oidhreacht chultúrtha. Dúirt sé gur chóir go mbeadh meas ag daoine ar chultúir mionlaigh sa lá atá inniu ann.

Fág freagra ar 'Raic idir láithreoir de chuid an BBC agus feisire parlaiminte faoi chonspóid teanga'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá sé dainséarach tuairimí pearsanta a bheith agat, nach bhfuil?

  • An Stail Aduaidh

    Níl aon teora le hainnis agus tiarnúlacht na Sasanach nuair a chuirtear i gcuimhne dhóibh nach Sasanach é an tÉirinneach, an Breatnach ná an tAlbanach.

    Is beag athrú atá tagtha ar a meon san ó ré na himpireachta. Go mbeire an diabhal ón ndúithigh an meon san!