Sé rogha uachtar láimhe do chraiceann atá chomh feoite le duilleog fómhair

Faoiseamh molta do lámha atá scriosta ag uisce te, gallúnach agus díghalrán lámh

Sé rogha uachtar láimhe do chraiceann atá chomh feoite le duilleog fómhair

An bhfuil do chuid lámha chomh tirim le duilleoga feoite i lár an fhómhair de bharr iad a bheith á ní gan stad le seachtainí anuas? Uisce te agus gallúnach atá molta dúinn ag na saineolaithe leis an gcoróinvíreas a mharú. Idir sin agus an díghalrán láimhe níl duine againn nach bhfuil craiceann ár gcuid lámh fíorthriomaithe ar fad.

Ní bheinn féin craiceáilte faoi uachtar láimhe de ghnáth agus is annamh go mbainfinn úsáid as ach ní gnátham ar bith é seo. Caithfear comhairle lucht leighis a leanúint agus na lámha a ní a oiread agus is féidir agus má fhágann sin go bhfuil siad triomaithe amach nó tinn caithimid déileáil leis sin inár mbealach féin.

Is féidir táirgí nádúrtha ar nós ola cnó cócó, glóthach aloe vera nó fiú ola lus na gréine a úsáid ach tá rogha mhaith uachtar láimhe le fáil i siopaí poitigéara – agus iad fós ar oscailt – ar fud na tíre.

Seo sé cinn mhaithe atá le fáil éasca go maith faoi láthair ar phraghsanna idir €5 agus €22. 

 

Clarins Hand and Nail Treatment ar €22

Seo uachtar láimhe álainn ó Clarins a shúnn an craiceann isteach breá sciobtha. Tá sé sách daor ach is fiú tacaíocht a thabhairt don chomhlacht seo faoi láthair mar gur dhírigh siad ar tháirge nua le roinnt seachtainí anuas – díghalrán láimhe le cabhrú le dul i ngleic leis an bpaindéim. Bhronn siad na mílte buidéal saor in aisce ar ospidéil na Fraince.  

 

O’Keefe’s Working Hands ar €10.49

Seo ceann iontach do lámha atá scoilte agus tinn. Níl boladh ar bith air agus tá go leor glicrín ann, ábhar atá an-mhaith mar mhaothóir. Geallann an gcomhlacht go dtabharfaidh siad d’airgead ar ais duit mura dtaitníonn sé seo leat.

 

Garnier Hand Repair ó Boots €6.19

Seo leagan eile den mhaothóir colainne a úsáidim féin go hiondúil sa ngeimhreadh ach is do na lámha go speisialta an ceann seo. Tá sú ón gcrann mailpe agus im sí a dhéantar ón gcrann cairíté in úsáid anseo agus cuidíonn sé go mór leis an gcraiceann tirim. Agus tá boladh álainn ar fad air!

 

Neutrogena Hand Cream Concentrated ar €5.29

Tá an ceann seo le feiceáil sna siopaí le blianta agus é déanta de glicrín. Tá rogha agat uachtar a bhfuil boladh air agus ceann nach bhfuil. Tá an t-uachtar seo chomh láidir agus chomh tiubhaithe sin nach dteastaíonn ach oiread na fríde. Mairfidh luach na €5 tamall fada.

 

 

 

La Roche-Posay Cicaplast Hands €7.50

Tá an branda seo ón bhFrainc, La Roche-Posay, iontach i gcónaí dóibh siúd a bhfuil a gcraiceann goilliúnach nó bog.  Tá neart niaicinimide, an comhábhar cúram cnis is fearr liom féin, san uachtar seo agus é ar fheabhas le bacainn láidir a chruthú sa chraiceann.

Nursem Caring Hand Cream €10.99

Seo táirge ó bhranda gur fiú go mór tacú leo faoi láthair. Altra péidiatrach agus a fear céile a

bhunaigh an gnó agus tugann siad earraí saor in aisce d’altraí i gcóras NHS na Breataine nuair a cheannaíonn daoine a gcuid táirgí. Tá an t-uachtar láimhe a tháirgeann

siad go maith agus tá an comhlacht ag cur go mór lena dtacaíocht do na haltraí le linn na géarchéime sláinte poiblí faoi láthair.

Fág freagra ar 'Sé rogha uachtar láimhe do chraiceann atá chomh feoite le duilleog fómhair'

  • An Fiach Liath

    Mar eolas:
    Is dóigh liom nach uachtar ach ungadh atá i gceist anseo. Féach: https://www.teanglann.ie/ga/fgb/ungadh
    Beir bua

  • Bríd Ní Chonghóile

    Alt iontach agus an-úsáideach dúinn uilig faoi láthair. Is breá liom féin ‘Neutrogena Hand Cream Concentrated’ mar uachtar láimhe ach na laethanta seo, is minic a úsáidim an gnáth veasailín, bíonn siad chomh tirim sin!