Fear as na Clocha Liatha, i gcontae Chill Mhantáin mé atá i mo chónaí sa tSín le 18 bliain. Tá mé i mo chónaí i gcathair Dongguan i ndeisceart na Síne, cathair ina bhfuil 10 milliún duine ina gcónaí.
Táimid ag filleadh ar an ngnáthshaol an tseachtain seo tar éis sé seachtaine den dianghlasáil iomlán. Bhí an scoitheadh sóisialta agus an díthreabhú á gcleachtadh againn ar fad sa gcathair seo le linn an seachtainí sin. Tá na scoileanna ar fad dúnta agus foghlaim ar líne eagraithe ina n-áit. Bhí na tithe ósta agus na bialanna ar fad dúnta, chomh maith le formhór na monarchana agus na n-ionad gnó. Ní raibh ach líon teoranta de na seirbhísí seachadta i mbun oibre agus d’ainneoin go raibh scaoll ar dhaoine ar dtús, choinnigh na hollmhargaí earraí ar na seilfeanna agus bhí cead ag duine amháin as gach líon tí dul ag na siopaí uair amháin gach trí lá.
Níor ligeadh aon duine isteach aon áit gan a dteocht a sheiceáil ar dtús agus bhí táirgí díghalraithe do na lámha le húsáid ag an doras sula ngabhfá isteach.
Aon duine a thagann chun na Síne anois caithfidh sé fanacht glan ar dhaoine eile (féinleithlisiú) ar feadh 14 lá, bíodh siomptóim air nó ná bíodh. Tá an chuma air go bhfuil an straitéis sin ag oibriú.
Le scéal fada a dhéanamh gearr, níor tuairiscíodh aon chás nua in Dongguan le 11 lá agus tá an saol ag teacht ar ais mar a bhíodh anseo cé nach mbeidh na scoileanna ná na hollscoileanna ag oscailt arís go ceann cúpla seachtain eile, ceaptar.
Más féidir leo é a dhéanamh anseo áit a bhfuil 1000 duine ina gcónaí i mblocanna árasán déarfainn nach mbeadh aon stró ar Éirinn é a dhéanamh. Ní raibh aon chás nua againn le beagnach coicís agus is mór an faoiseamh dúinn ar fad gur coinníodh faoi smacht an aicíd, go háirithe nuair a fheicimid mar atá cúrsaí san Iodáil. Ní féidir le muintir na Síne a chreidiúint cé chomh neamhchúramach agus a bhí na húdaráis san Iodáil.
Údar imní is ea go bhfuil cur chuige éagsúil ag na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas in Éirinn. Is léir céard a d’fhéadfadh tarlú má leanann daoine orthu ag dul go tithe ósta agus páirceanna plódaithe.
Déarfainnse gurbh fhiú go mór an cur chuige a bhí anseo a úsáid, an pobal ar fad a choinneáil ina dtithe féin agus chuaigh an t-am thart go han-ghasta go deo.
Fanaigí sa mbaile go fóill agus beidh sibh togha!
Fág freagra ar 'Litir ón tSín: Ní raibh aon chás nua den choróinvíreas sa cheantar seo le beagnach coicís anuas'