‘Game over’ arsa Trump agus tuarascáil Mueller foilsithe, ach deir na Daonlathaigh nach bhfuil deireadh ráite fós

Tá na Daonlathaigh le ceangal faoi chur chuige an Ard-Aighne maidir le fiosrúchán Robert Mueller agus iad den tuairim go bhfuil a iompar ‘claonta’ ar son an Uachtaráin

‘Game over’ arsa Trump agus tuarascáil Mueller foilsithe, ach deir na Daonlathaigh nach bhfuil deireadh ráite fós

Chuaigh Donald Trump ar an ionsaí roimh fhoilsiú thuarascáil Robert Mueller faoi ról na Rúise i dtoghchán uachtaránachta 2016 agus scigaithris déanta aige ar fhógra don chlár Game of Thrones chun “bua” a fhógairt ar a naimhde.

“For the Haters and Radical Left Democrats: Game Over,” arsa Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Twitter.

Foilsíodh tuarascáil Mueller tráthnóna.

Tháinig tvuít Trump sna sála ar phreasócáid de chuid Ard-Aighne Stáit Aontaithe Mheiriceá William Barr ag a ndúirt sé go raibh cur síos déanta ag Mueller ar dheich n-eachtra ina bhféadfadh go raibh bac an cheartais ar bun ag Trump.

Dúirt Barr áfach gurb é “bun agus barr an scéil” gur chruthaigh an tuairisc nach raibh “claonpháirtíocht ar bith” ann idir an Rúis agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dúirt an tArd-Aighne chomh maith gur thuig sé do Trump “frustrachas agus fearg” a bheith air agus “tuairim mhacánta” ag an Uachtarán go raibh an fiosrúchán ag cur as dá uachtaránacht agus go raibh sé á spreagadh ag naimhde sa pholaitíocht agus ag eolas a sceitheadh “go mídhleathach”.

Dúirt Barr nár aontaigh sé le “teoiricí dlí” áirithe a mhaígh sé a bhí ag Mueller maidir le ceist bhac an cheartais agus Trump.

Mhaígh sé nár thug aon Mheiriceánach aon “chuidiú d’aon turas” do na Rúisigh agus iad ag cur isteach ar fheachtas 2016.

Cháin na Daonlathaigh go láidir a raibh le rá ag an Ard-Aighne agus a chur chuige maidir leis an tuairisc. Chuir Spéicéir Theach na Comhdhála, Nancy Pelosi, atá ar cuairt ar Éirinn faoi láthair, iompar “claonta” i leith Barr agus dúirt sí nach raibh ach bealach amháin le muinín an phobail a fháil ar ais, is é sin go dtabharfadh Robert Mueller féin fianaise os comhair Theach na Comhdhála chomh luath agus is féidir.

Tá ráite ag Mueller nár chúisigh  ná nár ghlan a fhiosrúchán Trump ar bhac an cheartais.

Bhí Daonlathaigh le ceangal faoi chinneadh an Ard-Aighne preas-ócáid a reáchtáil faoin tuarascáil roimh a foilsiú agus iad den tuairim gur iarracht a bhí ann casadh dearfach a chur ar an scéal ar mhaithe leis an Uachtarán. Mhaígh siad gur cheart ligean don fhianaise “labhairt ar a son féin”.

Dúirt an tArd-Aighne go gcoinneofaí faoi cheilt sa leagan den tuarascáil a d’fhoilseofaí aon eolas rúnaicmithe, aon eolas a bhaineann le himeachtaí dlí atá fós ar siúl agus aon eolas a dhéanfadh dochar do cháil daoine nach bhfuil ach ról ‘imeallach’ acu sa scéal.

Fág freagra ar '‘Game over’ arsa Trump agus tuarascáil Mueller foilsithe, ach deir na Daonlathaigh nach bhfuil deireadh ráite fós'