Tá tús le oifigiúil curtha le próiseas pleanála teanga ar Árainn Mhór, i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, i gConamara láir agus i Múscraí.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe Mc Hugh ar maidin go bhfuil ceithre fhógra foilsithe aige i dtaca leis na ‘Limistéir Pleanála Teanga’ Ghaeltachta seo a leanas:
“Tá lúcháir orm na fógraí seo a dhéanamh faoi alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga sna limistéir seo. Is céim eile chun cinn é seo mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht,” a dúirt Joe McHugh.
Beidh tréimhse suas le 2 mhí (go dtí an 17 Aibreán 2015) le feidhm d’eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna cheantair atá i gceist.
Beidh tréimhse suas le 2 bhliain ag na eagraíochtaí a roghnófar chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le measúnú agus ina dhiaidh sin beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm
Concubhar Ó Liatháin
Múscraí.