Tá Jamie Ó Tuama, Baile Átha Cliathach atá ina chónaí i nGaeltacht na Mí ceaptha ina Oifigeach Gaeilge le Cumann Lúthchleas Gael.
Is é seo an chéad uair go mbeidh duine ceaptha go lánaimseartha ag CLG chun ‘clár leathan forbartha don Ghaeilge a chur chun cinn’.
Bhí Ó Tuama ag obair mar fheidhmeannach le Gael Linn le 11 bliain anuas agus aithne mhór air fud fad na tíre mar gheall ar an mbaint mhór a bhí aige le díospóireachtaí scoileanna na heagraíochtaí.
Fear mór teanga agus CLG é Ó Tuama agus cé go bhfuil sé anois ina bhall de chumann Dhún Doire i gcontae na Mí is leantóir dílis de chuid Átha Cliath é a mbíonn blag beoga á scríobh aige faoi pheileadóirí agus iománaithe a chontae dúchais, Na Dubs Abú.
Tá cónaí ar Ó Tuama, a bhean Úna Ní Chonaire, arb as Carna i gConamara di, agus a gclann i Laimbé i nGaeltacht Ráth Chairn.
D’fhógair iar-uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail mí Feabhra na bliana seo go raibh post nua mar Oifigeach Gaeilge á chruthú ag CLG.
Post lánaimseartha atá i gceist agus beidh an té a cheapfar lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh. Beidh an t-oifigeach freagrach ar bhonn laethúil do Stiúrthóir Cumarsáide CLG, Alan Mac Maoldúin.
Beidh Jamie Ó Tuama freagrach as clár leathan a chur chun cinn “a fhorbróidh úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sa Chumann”.
Beidh sé ina rúnaí ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge agus ar Choiste Scór chomh maith.
I measc na spriocanna atá luaite leis an bpost tá CLG ag iarraidh go gcothófaí an Ghaeilge ar ardáin chumarsáide an Chumainn; go gcuirfí béim ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta agus i measc na hóige agus go spreagfaí úsáid na Gaeilge i measc na mball agus na gclubanna ar fud na tíre.
Gearóid Ó Mórdha
Gaeil den scoth é Jamie! Gach rath air sa phost nua leis an CLG.