Níl toghchán na huachtaránachta faoi lán seoil go fóill, ach tá tús curtha cheana féin leis an ‘scrúdú’ Gaeilge ar chomhartha sóirt é ar an rás don Áras le fada.
Is í an Seanadóir Joan Freeman an chéad duine díobh siúd a bhfuil ainmniúchán á lorg acu do thoghchán uachtaránachta 2018 a gheall go bhfoghlaimeodh sí Gaeilge.
Bhí an Seanadóir Freeman ar dhuine den triúr a rinne cur i láthair inné ag cruinniú de Chomhairle Contae Phort Láirge agus súil acu ainmniúchán a fháil chun seasamh sa toghchán.
Nuair a cuireadh ceist i nGaeilge ar an ngníomhaí ar son seirbhísí sláinte intinne le linn an chruinnithe, dúirt sí nach raibh dóthain Gaeilge aici leis an gceist a thuiscint ná a fhreagairt ach go raibh an-mheas aici ar an teanga agus go ndéanfadh sí ranganna Gaeilge.
I dtoghchán na huachtaránachta in 2011, ní raibh líofacht sa Ghaeilge ach ag duine amháin den ochtar a chuaigh sa ghleo, an té ar éirigh leis, Micheál D Ó hUigínn.
Gheall an seachtar eile le linn an toghcháin sin go ndéanfaidís iarracht feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Dar le Brian Murphy, saineolaí ar stair na huachtaránachta agus léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, gur fada an lá an Ghaeilge agus an uachtaránacht á gceangal le chéile agus go raibh cúrsaí teanga go mór sa treis i dtoghcháin uachtaránachta roimhe seo.
“Is é sin an seanfhreagra céanna a bhíonn i gcónaí ag iarrthóirí anois go gcuirfidh siad feabhas ar a gcuid Gaeilge. Ar ndóigh níl aon riachtanas bunreachtúil ó thaobh teanga áirithe a bheith ag an uachtarán, ach nuair a bhunaigh de Valera an oifig shamhlaigh sé go mbeadh ról ag an uachtarán i gcur chun cinn na Gaeilge, agus glacadh leis sin a bheag nó a mhór ó shin.
“Chabhraigh sé chomh maith leis an meon sin a threisiú go raibh Gaeilge ar a thoil ag an gcéad uachtarán Dubhghlas de hÍde agus go raibh sé luaite chomh mór sin le hathbheochan na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Bhí Gaeilge líofa ag Seán T Ó Ceallaigh agus de Valera féin agus ba é Erskine Childers an chéad uachtarán nach raibh an teanga ar a thoil aige. I Sasana a cuireadh oideachas ar Childers.”
Deir Murphy, údar Forgotten Patriot: Douglas Hyde and the Foundation of the Irish Presidency, gur léiríodh “roinnt míshuaimhnis” faoi gan aon Ghaeilge a bheith ag Childers le linn thoghchán 1973.
“Luadh mar argóint ina choinne é le linn an toghcháin. Fiú bhí daoine áirithe ann a dúirt go raibh sé i gcoinne spiorad an bhunreachta go mbeadh uachtarán ar an tír nach raibh Gaeilge aige. Ach maolaíodh ar an gcaint sin de bheagán mar go raibh an Language Freedom Movement ag tacú leis an té a bhí i gcoinne Childers, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Tom O’Higgins.”
Bhí an díospóireacht faoin nGaeilge i bhfad níos binbí le linn thoghchán 1966 nuair a sheas O’Higgins i gcoinne de Valera, an t-aon uair eile gur tugadh dúshlán uachtaráin a bhí in oifig.
“Bhí an Language Freedom Movement i mbarr a réime sna sesacaidí agus bhí ceist na Gaeilge go mór sa treis sa toghchán áirithe sin i 1966,” a deir Murphy.
Eagraíocht ab ea an Language Freedom Movement a chuir rompu deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach sa chóras oideachais agus leis an nGaeilge éigeantach sa státseirbhís.
Bhí Gaeilge líofa ag Cearbhall Ó Dálaigh agus tuiscint na Gaeilge ag Paddy Hillery agus deir Murphy gur sna nóchaidí a buanaíodh an nós go dtabharfadh iarrthóirí nach raibh Gaeilge líofa acu geallúint go bhfoghlaimeoidís an teanga.
“Chuaigh Mary Robinson agus Mary McAleese ag foghlaim na Gaeilge mar a gheall siad a dhéanfaidís, agus chaith McAleese go háirithe an-dua leis an gcúram.
“Mar sin, tá nós anois ag gach iarrthóir nach bhfuil Gaeilge acu a rá go bhfuil meas acu ar an teanga agus go bhfoghlaimeodh siad í. Braitheann sé ina dhiaidh sin, ar a dháiríre is a bhíonn siad agus a dtiomantas di. Is é fírinne an scéil ná go mbeidh aon uachtarán a thoghfar ina uachtarán ar thír a bhfuil dhá theanga oifigiúil aici agus go mbeidh sé nó sí iondaíoch chomh maith ar phobal arb í an Ghaeilge a rogha teanga,” a deir an staraí agus léachtóir as DIT.
D’fhéadfadh go mbeadh ceist na Gaeilge i lár an aonaigh arís i dtoghchán na bliana seo, go háirithe agus an oiread sin airde tarraingthe ag Micheál D Ó hUigínn ar chás na teanga ó toghadh é ina uachtarán in 2011.
“B’iontach an bhéim a chuir Micheál D Ó hUigínn ar an nGaeilge le seacht mbliana anuas agus déarfainn nár tharraing aon uachtarán eile ó Dhubhghlas de hÍde aird chomh dearfach ar an nGaeilge. Beidh le feiceáil, áfach, an mbeidh ceist na Gaeilge chomh lárnach nó chomh hachrannach in 2018 is a bhí i 1966,” a deir Brian Murphy.
Is cainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht triúr eile atá á lua i gcónaí leis an dtoghchán, an Feisire Eorpach de chuid Sinn Féin Liadh Ní Riada, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.
Ar dhuine eile acu siúd atá á lua leis an dtoghchán tá an fear gnó Seán Gallagher, a bhí chun tosaigh i dtoghchán 2011 nó gur baineadh tuisle as le linn díospóireacht teilifíse.
Dúirt Gallagher le linn thoghchán sin na bliana 2011, go raibh “ranganna Gaeilge príobháideacha tosaithe cheana féin” aige le go mbeadh ar a chumas Gaeilge a labhairt sa chás go dtoghfaí é.
Beirt eile a dhein cur i láthair ag an gcruinniú de Chomhairle Contae Phort Láirge an tseachtain seo, an fear gnó Gavin Duffy agus an Gaillimheach agus iarfhostaí de chuid Aer Lingus, Patrick Feeney.
Nuair a sheas Feeney san olltoghchán in 2016 mar neamhspleách luaigh sé ‘cearta teanga’ do Chonamara agus d’Éirinn i measc na móraidhmeamma aige, ach ní bhfuair sé ach 22 vóta.
Teastaíonn ainmniúchán uaidh i dToghchán an huachtaránachta “chun dúshlán a bhfuil ag dul ar aghaidh faoi láthair sa pholaitíocht a thabhairt ar mhaithe leis an daonlathas”.
Fág freagra ar 'Tús curtha cheana féin leis an ‘scrúdú’ Gaeilge d’iarrthóirí na huachtaránachta'