Ubh Aoine an Chéasta
Le linn a hóige do thugtaí ubh Aoine an Chéasta ar aon ubh a bheireadh cearc Aoine an Chéasta. Do chuireadh muintir an tí na huibheacha sin i leataobh go cúramach. Uair éigin tar éis na meánoíche maidin Dhomhnach Cásca d’éiríodh muintir an tí agus bheirídís na huibheacha sin agus d’ithidís iad.
Dá mba rud nach mbeadh acu ach an t-aon ubh amháin do bheirídís í agus do dheinidís í a roinnt ar na daoine a bheadh i láthair. Dheineadh na huibheacha sin maitheas anama agus coirp do lucht a hite.
Níl tásc na tuairisc ar an sean-nós san anois. Nuair a cailleadh an t-athair is an mháthair níor bhac an chlann leis an nós a thuilleadh. Is mór an trua aon sean-nós a ligint chun báis.
Faisnéiseoir: Róis Bean Uí Mhongáin,
Maigh Bhealaigh,
Co Chill Dara
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… Ubh Aoine an Chéasta a dhéanfadh maitheas anama agus coirp do lucht a hite…'