Caithfear 80% de na hárasáin chónaithe i bhforbairt nua ar an Spidéal a chur ar leataobh do chainteoirí líofa Gaeilge.
Bainfidh an coinníoll teanga leis an bhforbairt atá ceadaithe ar an láthair a mbíodh an t-óstán Ceol na Mara ar an taobh thoir de bhaile an Spidéil.
Agus cead pleanála á bhronnadh ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar an gcomhlacht Solus Holdings, ar leis an bhfear gnó Pat Joyce é, don fhorbairt dúradh go raibh an coinníoll teanga ann leana chinntiú go dtabharfaí cosaint d’oidhreacht chultúir na Gaeltachta.
Maidir leis an gcaighdeán Gaeilge a theastódh ó dhaoine a bheadh ag iarraidh ceann de na hárasáin a cheannach agus an bealach go dtástálfaí an caighdeán sin, dúradh go socrófaí e sin leis an údarás pleanála.
D’fhógair Comhairle Contae na Gaillimhe inniu go raibh cead tugtha foirgneamh trí stór a thógáil ina mbeidh deich gcinn d’árasáin chónaithe ar chúl ann. Beidh ocht n-árasán eile chun tosaigh, a ligfear amach le daoine go gearrthéarmach. Beidh oifig fáiltithe do na hárasáin a ligfear amach le cuairteoirí agus aonaid tráchtála ar an mbunurlár chomh maith.
D’fhógair an Bord Pleanála an mhí seo chomh maith go raibh cead tugtha d’fhorbairt 60 teach cónaithe i mbaile Mhaigh Cuilinn a mbeidh 20% acu á gcur ar leataobh do chainteoirí líofa Gaeilge.
Cluain Sceach
Cur i gcéill. Beatha teanga a LABHAIRT. Dá mba freagra ‘cainteoirí líofa’ bheadh an teanga slánaithe fadó.
Siún
Cad is brí le coinníol teanga?
An daoine cáilithe (saineolaíthe teanga, múinteoirí srl.) a bhíonn á fhostú ag na comhairlí contae Gaeltachhta chun caighdeán Gaeilge na n-iarrthóirí pleanála sa Ghaeltacht a mheas?
Cén modh measúnaithe a bhíonn i gceist ag na comhairlí contae Gaeltachta?
Comhrá gearr neamhfhoirmeálta nó béalscrúdú ina bhfuil aidhmeanna faoi leith taobh thiar de chun cumas teanga a mheas?
Scrúdú TEG le scrúdú cluastuisceana, scrúdú scríofa agus béalscrúdú? Is é an Caighdeán Oifigiúil a bhíonn i gceist le TEG agus ní minic a bhíonn furmhór muintir na Gaeltachta ag scríobh i nGaeilge ná ag léamh ábhair i nGaeilge tar éis na hArdteiste.
Fergus na Foghraíochta
Is slat tomhais idirnáisiúnta an “Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha” a úsáidtear i bhFlóndras na Beilge chun cumas teanga na ndaoine nach bhfuil an Phléimeannais mar theanga dhúchais acu a mheas. Is Leibhéal B1 “Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha” a iarrtar. Seo an sainmhíniú ar B1.
“Can understand the main points of clear standard input on familiar matters regularly encountered in work, school, leisure, etc. Can deal with most situations likely to arise whilst travelling in an area where the language is spoken. Can produce simple connected text on topics which are familiar or of personal interest. Can describe experiences and events, dreams, hopes & ambitions and briefly give reasons and explanations for opinions and plans.”
(Níl leagan Gaeilge ar fáil ón AE!)
https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/official-translations-of-the-cefr-global-scale