77 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, an líon is mó básanna a fógraíodh aon lá go dtí seo

894 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 687 duine ó dheas den teorainn agus 207 duine ó thuaidh di

77 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, an líon is mó básanna a fógraíodh aon lá go dtí seo

Fógraíodh tráthnóna go raibh 77 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, an líon is mó básanna a fógraíodh aon lá ó thús na ráige.

Fógraíodh 90 bás ar fad in Éirinn inniu.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna go raibh 13 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt.

894 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 687 duine ó dheas den teorainn agus 207 duine ó thuaidh di.

Maidir leis an 687 bás ó dheas go dtí seo, bhain 406 acu, nó 59%, le tithe altranais agus ionaid chúraim eile. Bhain 329 acu le tithe altranais agus bhain 77 le hionaid cúraim eile. 1,761 cás atá sna hionaid chúraim go léir agus 1,204 acusan atá sna tithe altranais.

Maidir leis an 77 bás is déanaí a fógraíodh tráthnóna, bhain siad le tréimhse idir an an 2-20 Aibreán agus tá an t-ardú ar líon na mbásanna gach lá ag laghdú le tamall.

San oirthear a bhí 67 de na daoine is déanaí ar fógraíodh a mbásanna ó dheas, san iarthar a bhí ceathrar, san iarthuaisceart a bhí ceathrar eile agus bhí beirt i ndeisceart na tíre.

44  bean agus 32 fear a bhí i gceist agus níl gach eolas faighte faoin gcás eile fós. An aois mheánach a bhí acu ná 84.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 54 acu.

Thug an Roinn Sláinte ó dheas le fios tráthnóna go raibh 401 cás nua den ghalar ann, rud a fhágann go bhfuil 15,652 cás ó dheas agus os cionn 18,000 cás in Éirinn.

Maidir leis an 610 bás ó dheas go dtí seo:

  • Tharla 348 (51%) acu in ospidéal
  • Tharla 45 (9%) acuin aonaid dianchúraim
  • Bhí an duine is sine 105 bliain anuas agus 23 a bhí an duine is óige
  • 83 bliain d’aois an aois mheánach a bhí acu

Tá 152 duine in aonaid dianchúraim, de réir na bhfigiúirí is déanaí agus scaoileadh amach 109 duine eile a bhí sna haonaid sin.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, eolas a bhain leis an 15,185 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 44% de na cásanna agus mná iad 56%
  • 478 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 3,139 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,272 duine, 15%
  • As na daoine sin, cuireadh 306 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 4,009 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 7,666 cás, nó 51%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,047 cás, nó 7%

Foilsíodh staitisticí nua an tseachtain seo caite a léirigh go bhféadfadh líon na marbh a bheith breis is 30% níos airde ná mar a thugtar le fios sna figiúirí oifigiúla ó Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí Thuaisceart Éireann, figiúirí nach mbíonn san áireamh iontu ach daoine a bhásaigh san ospidéal.

 

Fág freagra ar '77 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, an líon is mó básanna a fógraíodh aon lá go dtí seo'