76% den phobal ag iarraidh go mbeadh an chéad Choimisinéir Teanga saor ó thionchar polaitiúil – pobalbhreith

Tá sé ina imní go mbeidh veto ag an DUP ar na cearta teanga atá i reachtaíocht nua, agus lucht na Gaeilge buartha go háirithe faoi na srianta ar chumhachtaí an choimisinéara teanga nua

76% den phobal ag iarraidh go mbeadh an chéad Choimisinéir Teanga saor ó thionchar polaitiúil – pobalbhreith

Deir níos mó ná trí cheathrú den phobal gur chóir go mbeadh an chéad Choimisinéir Teanga sa Tuaisceart neamhspleách agus go mbeadh sé saor ina chuid oibre ó aon tionchar polaitiúil.

De réir pobalbhreith nua a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, 76% de dhaoine ó thuaidh a thug le fios go bhfuil tábhacht ag baint le neamhspleáchas na hoifige nua atá le bunú faoin reachtaíocht féiniúlachta agus teanga a tugadh isteach in Westminster anuraidh.

Tá sé ina imní go mbeidh veto ag an DUP ar na cearta teanga sa reachtaíocht nua agus lucht na Gaeilge buartha go háirithe faoi na srianta ar chumhachtaí an choimisinéara nua. Faoin acht, is é an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire “in éineacht” a cheapfaidh an Coimisinéir Teanga.

Chomh maith leis sin, cé gurb é an Coimisinéir Teanga a leagfadh síos na caighdeáin nua maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras, chaithfeadh na caighdeáin sin a mbeannacht a fháil ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire “in éineacht”.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge ó thuaidh, gur léir ó thorthaí na pobalbhreithe nua gur Coimisinéir neamhspleách neamhpholaitiúil a theastaíonn ón bpobal.

“Tá sé iontach soiléir go deo do mhórthromlach an phobail gur cheart go mbeadh an Coimisinéir nua Gaeilge ó thuaidh saor ó aon ionchur nó ó aon chlaonadh polaitiúil. Cé gur cloch mhíle stairiúil é an tAcht úr agus bunú oifig an Choimisinéara Gaeilge den chéad uair ó thuaidh, tá neart laigí sa chur chuige féin.

“Ar an drochuair dearadh an tAcht nua ar bhealach gur gá don Chéad agus an LeasChéad-Aire gach cinneadh a dhéanann an Coimisinéir a fhaomhadh. Mura dtugann siad a mbeannacht don Choimisinéir ní tharlaíonn aon rud.”

Tugtar cumhachtaí san acht nua do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích, ach deir Conradh na Gaeilge go gcruthóidh “na laigí” sa reachtaíocht cuid mhór fadhbanna mar sin féin.

“Cé gur féidir leis an Rúnaí Stáit na cinntí a fhaomhadh más gá, níor cheart go mbeadh cearta teanga agus moltaí atá bunaithe ar an dea-chleachtas ag brath ar thoil airí. Beidh troid le déanamh againn gach lá leis an chur chuige seo agus is léir cheana féin go dtuigeann an pobal go mbeidh leasuithe de dhíth ar an acht seo amach anseo.”

Dheimhnigh Oifig Thuaisceart Éireann an mhí seo caite go raibh cead acu, de réir reachtaíocht thánaisteach a tugadh isteach ag tús an tsamhraidh, ‘Oifig Féiniúlachta agus Léiriú Cultúir’ a bhunú agus ‘Coimisinéir don Ghaeilge’ agus ‘Coimisinéir do thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach’ a cheapadh.

Tráth a bhfuil Coimisinéir Teanga ainmnithe ó dheas, deir Conradh na Gaeilge agus an Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ) gur chóir go gceapfaí Coimisinéir Teanga Gaeilge sa tuaisceart “gan a thuilleadh moille”.

Tá seacht mí caite ó chuaigh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) faoi lámh an Rí Séarlas III agus gan “aon dul chun cinn déanta” déanta fós faoi cheapachán na gCoimisinéirí Gaeilge agus Ultaise, a deir CAJ, an eagraíocht cearta daonna ó thuaidh.

Dúirt Daniel Holder, stiúrthóir an CAJ, le Tuairisc gur chóir do Státrúnaí Thuaisceart Éireann “deireadh a chur leis an mhoill” a bhaineann le ceapachán an Choimisinéara Gaeilge.

Ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in Westminster mar gur theip ar thionól Stormont an beart a dhéanamh.

Tugann an reachtaíocht stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.

Faoin acht, beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.

Cuirfidh an reachtaíocht ar ceal chomh maith Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Fág freagra ar '76% den phobal ag iarraidh go mbeadh an chéad Choimisinéir Teanga saor ó thionchar polaitiúil – pobalbhreith'