75 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ó thuaidh, srianta nua ag teacht

Tá srianta nua le teacht i bhfeidhm sa Tuaisceart ag 6pm tráthnóna agus imní ann faoin ardú ar líon na gcásanna le tamall

75 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ó thuaidh, srianta nua ag teacht

Tá 75 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt ón lá inné.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

963 cás den ghalar a cuireadh ar an taifead sa Tuaisceart le seachtain anuas.

Tá srianta nua ag teacht i bhfeidhm ag 6pm tráthnóna inniu chun dul i ngleic leis an ardú ar líon na gcásanna.

Faoi na srianta nua tá cosc ar chuairteoirí chun an tí agus gan cead ach ag seisear ó dhá theaghlach ar a mhéid teacht le chéile i ngairdín príobháideach.

Roimhe seo is i mBéal Feirste agus sa Bhaile Meánach a bhí na srianta seo i bhfeidhm.

Meastar go mbeidh na srianta nua i bhfeidhm go ceann coicíse.

42,662 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,121 cás ó dheas den teorainn agus 9,541 cás ó thuaidh di.

2,369 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,792 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson srianta nua inniu chomh maith. Faoi na rialacha nua, beidh sé éigeantach feasta ag daoine atá ag obair i siopaí nó tithe tábhairne nó bialanna masc a chaitheamh. Tá laghdú déanta chomh maith ar líon na ndaoine a cheadaítear ag bainis agus tá cosc iomlán curtha ar spórt foirne faoi dhíon.

D’fhógair Johnson go ndúnfar na tithe tábhairne ag 10pm gach oíche agus dúirt sé go bhféadfadh na srianta nua a bheith i bhfeidhm go ceann sé mhí.

Tá líon na gcásanna den Covid-19 ag ardú ar fud na cruinne agus deir an Eagraíocht Dhomhanda, an WHO, go raibh níos mó cásanna sa domhan le seachtain ná mar a bhí aon seachtain roimhe seo.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón WHO deimhníodh 1,998,897 cás nua den ghalar sa domhan sa tseachtain dar críoch an 20 Meán Fómhair.

Ardú 6% ab ea sin ar an tseachtain roimhe agus b’ionann é agus an líon is airde cásanna in aon seachtain amháin ó thosach na paindéime.

Ardú 11% a bhí i gceist san Eoraip agus ardú 10% a bhí i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

In ainneoin go bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar líon na gcásanna tá laghdú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair. 37,700 bás a cuireadh ar an taifead sa domhan an tseachtain seo caite, laghdú 10% ar líon na mbásanna an tseachtain roimhe sin.

Tá an víreas tolgtha ag ar a laghad 31 milliún duine sa domhan ó thosach na paindéime agus tá 960,000 duine curtha den saol aige.

Fág freagra ar '75 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ó thuaidh, srianta nua ag teacht'