617 cás nua den choróinvíreas ó dheas, an scéal ag dul in olcas ‘gach uile uair an chloig’ ó thuaidh

B’ionann an 1,080 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu an líon is airde cásanna a fógraíodh in aon lá amháin ó thuaidh nó ó dheas ó thús na paindéime

617 cás nua den choróinvíreas ó dheas, an scéal ag dul in olcas ‘gach uile uair an chloig’ ó thuaidh

Fógraíodh beagnach 1,700 cás nua den choróinvíreas in Éirinn inniu.

617 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,080 cás le lá anuas.

Cúigear eile a raibh an víreas orthu atá básaithe ó dheas. Ní raibh aon bhás nua le fógairt ó thuaidh.

Bhain 107 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 42 cás a bhí i gcontae na Mí, 36 cás a bhí i gCiarraí agus 35 cás a bhí i nGaillimh.

Is ionann an 36 cás den Covid-19 i gCiarraí inniu agus an méid is mó cásanna a fógraíodh aon lá amháin sa chontae.

123 de chásanna an lae inniu a bhain le Baile Átha Cliath. Bhain an 274 cás eile le 21 contae éagsúil.

Deir an Dr Tony Holohan go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i gcónaí. Cuireadh 32 duine eile a bhí buailte ag an ngalar sna hospidéil le lá anuas.

Ochtar eile a cuireadh in aonad dianchúraim le 24 uair an chloig.

Tá 179 duine ar fad a bhfuil Covid-19 tolgtha acu sna hospidéil agus tá 30 acusan sna haonaid dianchúraim.

132 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 16 acu atá in aonad dianchúraim.

I ráiteas a chuir Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann ar fáil do na feisirí i Stormont inniu, dúirt sé go raibh an scéal ag gabháil in olcas “gach uile lá nó fiú gach uile uair an chloig”. Dúirt Swann gur rogha an dá dhíogha a bhí ag an bhFeidhmeannas – iad ag iarraidh na daoine a chosaint

ón víreas agus ón dochar a dhéanfaí don eacnamaíocht

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, níos luaithe inniu go ndearnadh níos mó ná 19,500 tástáil inné, an méid is mó a rinneadh in aon lá amháin go dtí seo.

Is iad an 1,080 cás nua a d’fhógair an Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu an líon is airde a fógraíodh in aon lá amháin ó thuaidh nó ó dheas ó thús na paindéime.

Breis is 2,000 cás a deimhníodh le dhá lá anuas ó thuaidh den teorainn. 923 cás a bhí ann inné.

Tá Michelle O’Neill, an LeasChéad-Aire ó thuaidh den teorainn ag féinleithlisiú ó fuair duine dá teaghlach toradh deimhneach ar thástáil don Covid-19.   

Déanfar tástáil víris ar Mhichelle O’Neill, agus caithfidh sí fanacht amach ó dhaoine go ceann coicíse agus oibriú ón mbaile.

Dhearbhaigh an Roinn Oideachais ó dheas inniu nach raibh aon chinneadh déanta maidir le seachtain bhreise a chur le sos lár téarma na Samhna. Bhí tuairiscí ann gur phléigh an Rialtas beart dá leithéid agus go raibh gach seans ann go dtarlódh sé.

Cuirfear tús leis an sos seachtaine lár téarma an 26 Deireadh Fómhair.

Ón Luan seo chugainn ní bheidh tír ar bith fágtha ar Liosta Glas na hÉireann mar tar éis don Roinn Gnóthaí Eachtracha athbhreithniú a dhéanamh ar fhigiúirí an víris, baineadh An Chipir, an Fhionlainn, Laitvia, agus Lichtinstéin den liosta.

Tíortha a mbíonn a ráta ionfhabhtaithe coróinvíris ag 25 in aghaidh gach 100,000 duine nó níos ísle, bunaithe ar shonraí an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, a bhíonn ar an liosta glas.

Bíonn cead taistil ag daoine go dtí aon tír a bhíonn ar an liosta sin gan iallach a bheith orthu dul ar coraintín ar feadh coicíse ar fhilleadh abhaile dóibh.  Déardaoin seo chugainn a dhéanfaidh an Roinn athbhreithniú ar an liosta arís ach dúirt an Roinn go bhfuiltear ag obair i gcomhar le tíortha eile san Aontas Eorpach chun córas “soilse tráchta” a chur i bhfeidhm maidir le taisteal idirnáisiúnta idir ballstáit an AE.

D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an líon is mó cásanna den Covid-19 in aon lá amháin inné, 338,779 cás.

San India is measa a bhí daoine nua buailte ag an víreas, 70,496 duine ar fad inné. Bhí an galar tolgtha ag go leor daoine sa Bhrasaíl agus sna Stáit Aontaithe chomh maith agus mharaigh an coróinvíreas 5,514 duine eile inné, rud a fhágann go bhfuil 1.05 milliún duine curtha den saol aige anois ar fud na cruinne.

Fág freagra ar '617 cás nua den choróinvíreas ó dheas, an scéal ag dul in olcas ‘gach uile uair an chloig’ ó thuaidh'

  • Maitiú Ó Murchú

    Tá cuid againn inár gcónaí níos faide ó thuaidh ná thuaidh s’aigaibh. Níl ciall le deisceart. Is dearcadh sin ag aicme áirithe. Is Tuaisceart na hÉireann agus Poblacht na hÉireann atá i gceist.