5,590 cás nua fógartha, ‘éiginntecht’ ann faoi threocht an víris

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

5,590 cás nua fógartha, ‘éiginntecht’ ann faoi threocht an víris

5,590 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

505 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 31 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 117 díobhsan in aonad dianchúraim, seachtar níos mó ná mar a bhí inné.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh “éiginntecht” ag baint go fóill le treocht an víris mar gheall ar theacht an chineál Omicron den víreas agus mar gheall go raibh an cineál Delta den víreas fós á scaipeadh go forleathan sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,658 cás nua a fógraíodh ansin.

317 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 35 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '5,590 cás nua fógartha, ‘éiginntecht’ ann faoi threocht an víris'