EURO 2016: Na buaiteoirí, na foirne a chuirfidh iontas ar dhaoine agus na himreoirí óga ar fiú súil a choinneáil orthu

Agus tús á chur leis an gcomórtas inniu, roghnaíonn Tuairisc.ie na buaiteoirí, na foirne a thiocfaidh aniar aduaidh ar dhaoine agus na himreoirí óga a mbeidh aird ar leith orthu

Bainisteoir na Fraince, Didier Deschamps. INPHO/Getty Images/New Press
Bainisteoir na Fraince, Didier Deschamps. INPHO/Getty Images/New Press

Cé a bhuafaidh é i ndeireadh an lae?

Breathnaíonn sé gurb iad an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Spáinn na foirne is láidre agus deis mhaith ag Sasana nó an Bheilg áit a bhaint amach leo sna cluichí leathcheannais.

Is iad an Spáinn agus an Ghearmáin a bhuaigh an dá mhórchomórtas is déanaí, EURO 2012 agus Corn an Domhain 2014 ach tá fadhbanna ag an dá fhoireann. Agus Xavi éirithe as an imirt agus an aois tagtha ar Andrés Iniesta, níl fir lár páirce na Spáinne chomh láidir agus a bhíodh. Chomh maith leis sin, ní scórálann Álvaro Morata an líon céanna cúl agus a d’aimsíodh David Villa nó Fernando Torres tráth.

Maidir leis an nGearmáin, tá Marco Reus agus Ilkay Gundogan in easnamh orthu agus níl Bastian Schweinsteiger leath chomh maith agus a bhí sé le linn Chorn an Domhain.

Mar gheall air sin, is ag na Francaigh atá an deis is fearr sa chomórtas. Cé go raibh beagáinín trioblóide acu sa champa cúpla mí ó shin, tá idir thaithí agus óige le fáil i measc na n-imreoirí. Tá cúl báire maith acu chomh maith le fir lár páirce atá thar a bheith láidir – N’Golo Kanté agus Paul Pogba. Sna tosaithe is laige iad ach má éiríonn le Olivier Giroud an beart a dhéanamh ansin, beidh sé deacair stop a chur leis an bhfoireann baile.

Foireann a chuirfidh iontas ar dhaoine

Imreoir na Polainne, Robert Lewandowski. INPHO/Morgan Treacy
Imreoir na Polainne, Robert Lewandowski. INPHO/Morgan Treacy

An Pholainn

a fhios againn anseo in Éirinn cé chomh láidir atá foireann na Polainne agus muid in iomaíocht leo faoi dhó le linn na gcluichí cáilithe. Gan amhras, is é fear Bayern Munich, Robert Lewandowski, an t-imreoir is fearr atá acu. Scóráil an tosach 13 cúl le linn na gcluichí cáilithe, níos mó aon duine eile.

gurb é Lewandowski an laoch, tá imreoirí maithe eile acu, go háirithe an cosantóir Lukasz Piszczek agus na h-imreoirí lár páirce Grzegorz Krychowiak agus Piotr Zielinski, fear a raibh Liverpool ag coinneáil súil ghéar air le cúpla mí anuas.

Luka Modric. INPHO/Ryan Byrne
Luka Modric. INPHO/Ryan Byrne

An Chróit

Ba cheart gur leor cumas imreoirí lár páirce na Cróit chun teacht slán as na grúpaí ar a laghad. Is imreoirí den scoth iad Luka Modric agus Ivan Rakitic agus tá imreoirí óga ag teacht chun cinn acu, ina measc Matteo Kovačić agus Marko Pjaca.

Tá fadhb amháin acu i measc na dtosaithe – Mario Mandžukić. Cé gur imreoir maith é, ní fheileann Mandžukić do stíl na foirne agus níor scóráil sé ach trí chúl sna cluichí cáilithe.

Foireann na Tuirce. INPHO/Donall Farmer
Foireann na Tuirce. INPHO/Donall Farmer

An Tuirc

Ní bheidh sé éasca ag an Tuirc cáiliú as Grúpa D agus iad leis an Spáinn, Poblacht na Seice, agus an Chróit, ach má éiríonn leo, tá feicthe againn gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh. Bhain siad na cluichí leathcheannais amach ag Corn an Domhain 2002 agus arís ag EURO 2008.

Dála na Cróite, is i lár na páirce is láidre atá an Tuirc. Imreoidh Arda Turan, Hakan Calhanoglu agus Oguzhan Ozyakup ar fad taobh thiar de thosach aonair agus is féidir le gach duine acu deiseanna a chruthú. Ó tá gortú ag cur as do Burak Yılmaz, is é an dúshlán is mó a bheas rompu ná leas a bhaint as na deiseanna a fhaigheann siad.

Imreoirí óga a mbeidh aird ar leith orthu

Leroy Sané (An Ghearmáin)

Is beag seans go dtosóidh Sané don Ghearmáin ag tús an chomórtais ach má fhaigheann sé deis, bí cinnte go dtapóidh sé í. Tá an cliathánaí thar a bheith tapa ach bíonn smacht iontach aige ar an liathróid ag an am céanna. Ní fhanfaidh sé le Schalke 04 i bhfad eile agus na foirne is mó san Eoraip ag coinneáil súil air.

Breel Embolo (An Eilvéis)

raibh Embolo ach ceithre nóiméad ar an bpáirc nuair a scóráil sé a chéad chúl do Basel agus é 17 bliain d’aois. Tá sé 21 anois agus neart agus luas ann a fhágann gur deacair do chosantóirí smacht a choinneáil air.

Arkadiusz Milik (An Pholainn)

go mbeidh gach duine ag coinneáil súil ar Robert Lewandowski, níl a chomhghleacaí i measc na dtosaithe, Arkadiusz Milik, ródhona ach an oiread. Is ag déanamh obair na gcapall chun spás a chruthú do Lewandowski is mó a bhíonn Milik don Pholainn ach, cuimhnigh gur scóráil sé 21 cúl do Ajax an séasúr seo caite, agus ná bíodh aon iontas oraibh má fheictear tuilleadh uaidh sa Fhrainc.

Fág freagra ar 'EURO 2016: Na buaiteoirí, na foirne a chuirfidh iontas ar dhaoine agus na himreoirí óga ar fiú súil a choinneáil orthu'