466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh á n-earcú ag an Phríomh-Oifig Staidrimh

Glacfar le hiarratais ar thairseach earcaíochta na hOifige ag an nasc ag bun an fhógra seo ag tosú ag 9:00 r.n.

466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh á n-earcú ag an Phríomh-Oifig Staidrimh

Beidh an chéad Daonáireamh eile ann ar an 3ú Aibreán 2022. Tá foireann ag teastáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh chun oibriú linn ar bhonn lánaimseartha mar Mhaoirseoirí Allamuigh Daonáirimh ar chonradh seasta gearrthréimhseach ó Eanáir 2022 go Bealtaine 2022. Beidh Maoirseoirí Allamuigh freagrach as obair 13 Áiritheoir Daonáirimh a bhainistiú, is é sin dáileadh agus bailiú foirmeacha daonáirimh. Bainfidh dúshlán agus éagsúlacht leis an ról. Beidh gach iarrthóir a cheapfar ina mhaoirseoir ag bainistiú na foirne allamuigh daonáirimh ag leibhéal dúiche agus ag cianobair óna n-áit chónaithe féin sa ról seo.

Poist Tuarastal

466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh

€564.50 sa tseachtain

D’fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha difriúla a bheith i gceist, ag brath ar chúinsí pearsanta an iarrthóra, lena n-áirítear fostaíocht roimhe seo sa tseirbhís phoiblí.

Tabhair do d’aire gur ar líne amháin is féidir iarratas a dhéanamh ar na poist seo. Glacfar le hiarratais ar thairseach earcaíochta na hOifige ag an nasc ag bun an fhógra seo ag tosú ag 9:00 r.n. an 26 Lúnasa 2021. Tabharfar an comórtas chun críche ag 2:00 i.n. ar an 6 Meán Fómhair  tráth a mbeidh 3,000 iarratas faighte, cibé is luaithe.

  • Beidh gearrliostú i bhfeidhm agus tá súil go mbeidh agallaimh ar siúl go luath i mí na Samhna 2021.
  • Moltar iarratas luath a dhéanamh.

Fostóir comhdheiseanna í an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Ba chóir d’iarrthóirí tabhairt dá n-aire, ag brath ar shrianta rialtais COVID-19, go bhféadfadh iachall a bheith ar an Oifig an feachtas earcaíochta seo agus/nó aon cheapachá(i)n a dhéanfaí as a chur ar ceal roimh thús nó le linn tréimhse na gconarthaí sin.

Féadfar teacht ar thuilleadh eolais agus iarratas a dhéanamh ar líne ag https://censusrecruitment.cso.ie/

Fág freagra ar '466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh á n-earcú ag an Phríomh-Oifig Staidrimh'