450 bliain ann ó foilsíodh an chéad leabhar clóite Gaeilge — in Albain

Foilsíodh aistriúchán ar ‘The Book of Common Order’ le John Knox sa Ghaeilge Chlasaiceach cothrom an ama seo 450 bliain ó shin

450 bliain ann ó foilsíodh an chéad leabhar clóite Gaeilge — in Albain

Cothrom an ama seo 450 bliain ó shin foilsíodh an chéad leabhar clóite Gaeilge in Albain. Scríofa sa Ghaeilge ‘Chlasaiceach’ atá an t-aistriúchán a rinne Seon Caruel ar The Book of Common Order le John Knox, teanga choitinn a bhí ag filí na hAlban agus na Éireann sa 16ú hAois.

Sagart Caitliceach a d’iompaigh ina mhinistir Protastúnach i ndiaidh an Reifirméisin ab ea Carseul a fuair a chuid oideachais in Ollscoil Chill Rímhinn. Bhí sé ina mhinistir, easpag agus nótaire chomh le a bheith ina aistritheoir, agus é lonnaithe i gCill Mhàrthainn, in Earraghaidheal. Ba é Iarla Earraghaidheal a bhí ina phátrún do Carsuel agus é ina chónaí i gCaisleán Charn Àsaraidh in aice le Cill Mhàrthainn.

Dúirt Mark Wringe, léachtóir sinsearach i Sabhal Mòr Ostaig na hAlban le Tuairisc.ie gur léir gur roghnaigh Gilleasbuig, Iarla Earraghaidheal Carseul leis an obair aistriúcháin a dhéanamh.

“Bhí an tIarla ar dhuine de na huaisle ba chumhachtaí in Albain ar fad, ní hamháin i nGaeltacht na hAlban, ag an am. Duine freisin ab ea é a raibh taobh mór aige leis an gcreideamh nua athleasaithe.

“Tá an leabhar scríofa sa Ghaeilge “Chlasaiceach”, teanga chomónta na bhfilí in Albain agus in Éirinn, ní hí an ghnáth-theanga labhartha a bhíodh i mbéal Ghaeil na hAlban ag an am. Paidreacha agus eolas faoi sheirbhísí eaglasta atá sa leabhar — an pósadh, an baisteadh, an chomaoineach agus mar sin de. Tá litir chun an Iarla, agus litir chun an léitheora ag tús an leabhair, chomh maith le dán le Carsuel,” a dúirt sé.

Níl an leabhar digitithe go fóill agus níl ach trí chóip de fágtha ar domhan. Tá ceann amháin acu sin in Ollscoil Dhún Éideann, ceann eile i Leabharlann na Breataine i Londain, agus tá an tríú ceann i Leabharlann Pierspoint Morgan i Nua-Eabhrac.

Cé nach bhfuil leagan digitithe den leabhar ar fáil, tá leagan clóscríofa den dán a scríobh Carsuel ag tús an leabhar curtha ar fáil do Tuairisc.ie ag Wringe:

Gluais romhad, a leabhrain bhig
Go hUa nDuibhne* rig ad réim
Chomh luath is fhúicfeas tú an cló,
‘na áras dó soirbhidh sén.

‘Na dhiaidh sin siubhail gach tír
Ar fhud Alban go mín mall,
Acht ort ó nach bfuil a bfeidhm,
Ná tabhair cèim i ngort Gall.

Dá éis sin taisdil gach tond
Go crích Éireann na bfond bfial;
Gé beag ar na bráithribh thú
Gluais ar amharc a súl siar.

Gach seancha gan seanchus saobh,
Gach fear dáno nár aomh brég,
Cumand eadrad agus iad,
A leabhráin bhig bíadh go h-ég.

Gach neach do ghrádhuigh an chóir
Do tsíol Adhaimh róimh ní guais,
Aca sin déna do nid,
Romhad a leabhran bhig gluais.

*[i.e. Gilleasbuig Caimbeul – Ó Duibhne an t-ainm ‘ceart’ traidisiúnta ar Chaimbeulaigh Earraghaidheil]

Ba é an clódóir agus an díoltóir leabhar Robert Lekprevik a chuir a leabhar i gcló i nDún Éideann ar an 24 Aibreán 1567. Ba é Lekprevick an clódóir ba bhisiúla in Albain sna 1560idí agus na 1570idí.

Níor cuireadh aon leabhar eile Gaeilge i gcló in Albain go dtí an bhliain 1631.

Fág freagra ar '450 bliain ann ó foilsíodh an chéad leabhar clóite Gaeilge — in Albain'