3,666 cás nua den víreas fógartha, gan aon súil le fógra faoi shrianta breise an tseachtain seo

Tuairiscítear go ndúirt an Príomhoifigeach Leighis le hurlabhraithe sláinte an fhreasúra inniu nach dóigh go n-iarrfaidh NPHET ar an Rialtas bearta breise a thabhairt isteach sna laethanta beaga seo romhainn

3,666 cás nua den víreas fógartha, gan aon súil le fógra faoi shrianta breise an tseachtain seo

3,666 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

638 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 46 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 130 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,476 cás nua a fógraíodh.

390 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Níltear ag súil go molfaidh NPHET don Rialtas gur chóir srianta breise a chur i bhfeidhm le scaipeadh an Covid-19 a cheansú.  

Tuairiscítear gur dhúirt an Príomhoifigeach Leighis le hurlabhraithe sláinte an fhreasúra inniu nach dóigh go n-iarrfaidh NPHET ar an Rialtas bearta breise a thabhairt isteach sna laethanta beaga seo romhainn. 

Beidh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) Déardaoin, ach dúirt an Dr Tony Holohan gur ag athbhreithniú na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair agus an tionchar atá acu ar scaipeadh an víris a bheifí. 

Mar sin féin ní raibh an Dr Holohan sásta aon gheallúintí a thabhairt nach mbeadh srianta ag teastáil amach anseo de bharr scaipeadh rábach an víris le cúpla seachtain.  

Tá éileamh ann go n-osclódh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na hionaid tástála PCR siúil isteach arís le freastal ar an méadú mór atá ar líon na gcásanna le déanaí.  

Bhí breis is 26,000 coinne le haghaidh tástáil PCR socraithe ar fud na tíre ar an Luan, an lá is cruógaí a bhí ag an tseirbhís tástála sa bpobal go dtí seo, a deir an HSE.   

Níos túisce inniu, ní raibh duine ábalta coinne don tástáil PCR a fháil i 13 contae, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí ina measc.  

Tá dochtúirí agus polaiteoirí ag iarraidh ar an tseirbhís sláinte na hionaid siúil isteach a athoscailt i gceantair ina bhfuil leibhéal ard den Covid-19 á dheimhniú.  

Dúirt Richard Boyd Barrett, Teachta Dála de chuid Pobal Seachas Brabús, “ní féidir tástáil PCR a fháil i mBaile Átha Cliath ar ór ná ar airgead” agus dúirt ceannaire Shinn Féin,  go raibh an-imní ar an bpobal faoin ardú atá ar líon na gcásanna Covid-19 agus mar bharr air sin, a dheacra atá sé coinne chun tástála a fháil.   

Fág freagra ar '3,666 cás nua den víreas fógartha, gan aon súil le fógra faoi shrianta breise an tseachtain seo'