359 cás nua den ghalar fógartha, an líon is lú cásanna ó lár mhí na Nollag 

14 bás eile de dheasca an Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus beirt eile a bhásaigh sa Tuaisceart

359 cás nua den ghalar fógartha, an líon is lú cásanna ó lár mhí na Nollag 

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 14 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí an Mhárta a bhásaigh triúr de na daoine sin, bhásaigh deichniúr an mhí seo caite agus bhain bás duine eile le mí na Samhna.

359 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. Is é seo an líon is lú cásanna a fógraíodh in aon lá amháin ó lár mhí na Nollag.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go bhféadfadh go raibh níos lú cásanna le fógairt tráthnóna mar nach ndéantar an oiread céanna tástálacha ag an deireadh seachtaine ach dúirt sé gur dea-scéal a bhí sa laghdú marsin féin.

498 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 116 acusan in ICU. Cuireadh 28 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 294,550 duine agus an dara dáileog faighte ag 141,345 duine.

Líon na Marbh
Ó Dheas 4,333
Ó Thuaidh 2,059
Iomlán 6,392
Líon na gCásanna
Ó Dheas 220,630
Ó Thuaidh 112,780
Iomlán 333,410

Bhain 21 de na cásanna nua Covid-19 inniu le Gaillimh, 19 cás a bhí i gcontae na Mí agus 15 cás a bhí i gCorcaigh.

Seacht gcás a bhí i Maigh Eo agus seacht gcás a bhí i bPort Láirge. Níos lú ná cúig cás a bhí i nDún na nGall agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Thit an meánráta coicíse sa stát go dtí 201 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta i nGaillimh tite go dtí 237, ráta 224 atá i gcontae na Mí agus 221 atá i Maigh Eo.

Ráta 191 atá i nDún na nGall, 180 ata i bPort Láirge, 66 atá i gCorcaigh agus is i gCiarraí, mar a bhfuil ráta 54 ann, atá an ráta is ísle sa stát.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 149 cás nua den ghalar. 289 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 34 díobhsan in aonaid dianchúraim.

6,392 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,059 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,333 duine ó dheas di.

333,410 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 220,630 cás ó dheas den teorainn agus 112,780 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '359 cás nua den ghalar fógartha, an líon is lú cásanna ó lár mhí na Nollag '