345 cás nua den víreas ó dheas, 53 cás fógartha ó thuaidh

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe de dheasca an víris

345 cás nua den víreas ó dheas, 53 cás fógartha ó thuaidh

Tá 345 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

127 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 44 acusan in aonad dianchúraim.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an mhí seo.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 53 cás nua a deimhníodh.

29 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,022,025 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 612,054.

Ar a laghad 7,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,152 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

380,479  cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 258,272 cás ó dheas den teorainn agus 122,207 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '345 cás nua den víreas ó dheas, 53 cás fógartha ó thuaidh'