313 cás nua fógartha ó dheas, srianta breise ag teastáil sa bhliain nua i dTuaisceart Éireann

Scaoileadh le cuid de na srianta Covid-19 i dTuaisceart Éireann inniu agus cead oscailte ag siopaí, gruagairí agus ag roinnt gnóthaí in earnáil an fháilteachais

313 cás nua fógartha ó dheas, srianta breise ag teastáil sa bhliain nua i dTuaisceart Éireann

Tá 313 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte. Triúr eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 538 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

423 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu.

Bhain 31 de chásanna an lae inniu le Maigh Eo, 19 cás a bhí i nDún nGall agus 14 cás a bhí i nGaillimh. 12 cás a bhí i gCorcaigh, sé chás a bhí i bPort Láirge agus sé chás a bhí i gcontae na Mí.

Ní raibh cás nua ar bith le fógairt i gCiarraí don dara lá as a chéile.

197 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 35 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát imithe suas den chéad uair le roinnt seachtainí, ardaithe ó 79 go dtí 81.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill – 230. 99 an ráta atá i Maigh Eo, 82 atá i bPort Láirge agus 64 atá i nGaillimh. Ráta 51 atá i gcontae na Mí, 26 atá i gCorcaigh agus 20 atá i gCiarraí.

De réir staitisticí nua a foilsíodh inniu, tá ráta scaipthe an Covid-19 faoi bhun an mheáin náisiúnta i mbeagnach gach ceantar Gaeltachta ar fud na tíre.

Tá Conamara, Corca Dhuibhne agus ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo i measc na gceantar is lú ina bhfuil cásanna den choróinvíreas sa stát agus tá an ráta tite i gcuid mhaith de Dhún na nGall le seachtain anuas.

Scaoileadh cuid de na srianta Covid-19 i dTuaisceart Éireann inniu agus cead oscailte ag siopaí, gruagairí agus ag roinnt gnóthaí san earnáil fáilteachais.

D’iarr Aire Sláinte Thuaisceart Éireann, Robin Swann ar an bpobal cloí leis na srianta agus na treoracha atá i bhfeidhm ó thaobh na sláinte poiblí.

Dúirt sé go raibh sé féin ag iarraidh go mbeadh srianta níos déine i bhfeidhm sna sé chontae thar thréimhse na Nollag agus go mbeidh srianta breise ag teastáil mí Eanáir chun dul i ngleic leis an méadú ar líon na gcásanna atáthar a thuar ansin i ndiaidh na Nollag.

3,031 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,120 duine ó dheas den teorainn agus 1,111 duine ó thuaidh di.

132,764 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 75,507 cás ó dheas agus 57,257 ó thuaidh.

Fág freagra ar '313 cás nua fógartha ó dheas, srianta breise ag teastáil sa bhliain nua i dTuaisceart Éireann'