Líon na gcásanna an-íseal i gConamara agus Corca Dhuibhne, laghdú le feiceáil i nGaeltacht Dhún na nGall

Níl raibh ach toghcheantar amháin ina bhfuil ceantair Ghaeltachta os cionn an mheánráta scaipthe sa stát

Líon na gcásanna an-íseal i gConamara agus Corca Dhuibhne, laghdú le feiceáil i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá ráta scaipthe an Covid-19 faoi bhun an mheáin náisiúnta i mbeagnach gach ceantar Gaeltachta ar fud na tíre, de réir na staitisticí is deireanaí.

Tá Conamara, Corca Dhuibhne agus ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo i measc na gceantar is lú ina bhfuil cásanna den choróinvíreas sa stát agus tá an ráta tite i gcuid mhaith de Dhún na nGall le seachtain anuas.

Is i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, atá an ráta coróinvíris is airde sa Ghaeltacht faoi láthair.

Aimsíodh 24 cás den Covid-19 sa cheantar sin idir an 24 Samhain agus an 7 Nollaig. 174 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar an ráta scaipthe a bhí i mBaile na nGallóglach.

80 an meánráta náisiúnta a bhí sa stát le linn na tréimhse sin.

Cé go bhfuil an ráta i mBaile na nGallóglach fós níos mó ná a dhá oiread níos airde ná an ráta náisiúnta, tá na figiúirí i mBaile na nGallóglach tite le seachtain anuas agus an ráta íslithe ó 254 go dtí 174.

Bhí titim shuntasach freisin ar líon na gcásanna a deimhníodh i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. Thit líon na gcásanna den víreas ó 28 go dtí 15 sa toghcheantar agus an ráta scaipthe laghdaithe nach mór faoina leath ó 117 go dtí 63.

I dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae, thit ráta an Covid-19 ó 91 go dtí 68 idir an 24 Samhain agus an 7 Nollaig.

Is i nDún na nGall go fóill atá an ceantar is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19, áfach. Aimsíodh 88 cás i gCarn Domhnach le linn na tréimhse seo agus ráta 519 sa cheantar – níos mó ná a shé oiread níos airde ná an ráta náisiúnta.

I nGaillimh, deimhníodh níos lú ná cúig chás i gConamara Theas agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i gConamara Thuaidh chomh maith.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist arís sa dá thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhaigh Eo, Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart.

Ceantar Corca Dhuibhne i gCiarraí an ceantar Gaeltachta eile inar deimhníodh níos lú ná cúig chás den choróinvíreas idir an 24 Samhain agus an 7 Nollaig.

D’fhan an ráta Covid-19 ag an leibhéal céanna ó dheas i dtoghcheantar an Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Sé chás a deimhníodh sa cheantar in achar coicíse agus ráta 24 ann.

Den chéad uair ó lár mhí na Samhna, thit an ráta i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Aimsíodh 27 cás sa toghcheantar idir an 24 Samhain agus an 7 Nollaig agus thit an ráta scaipthe go dtí 73.

Ardú a bhí i gceist sa toghcheantar thart timpeall ar Ghaeltacht na nDéise, Dún Garbhán. Níos lú ná cúig chás a bhí sa cheantar seachtain ó shin ach bhí deich gcás ann an uair seo agus ráta 49 ann dá bharr.

Tá na figiúirí íseal go maith sa dá thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht na Mí. I mBaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, thit an ráta ó 61 go dtí 35. Tá an ráta i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, tite go dtí 15.

Fág freagra ar 'Líon na gcásanna an-íseal i gConamara agus Corca Dhuibhne, laghdú le feiceáil i nGaeltacht Dhún na nGall'