‘An bóthar fada don seana-ghadhar agus scaoil an coileán an bóithirín síos!’ Go deimhin fhéin is mó lá ó bhí an criú seo ina gcoileáin! Má tá, umhlaíodh go minic sinn ach a dtángamar trasna ar dhaoine a bhí ag déanamh a mhacasamhail de thuras ar rothair ó thíortha san Eoraip, sa tSeapáin is a leithéidí. Pé olc maith a bhí ár n-iarracht-na, ní raibh aon dul againn chuchu seo agus a neart is a bhfuinneamh. Níl aon chuimse leis an óige.
Shroiseamar an Mhongóil roimh mheán lae, an 12 Lúnasa, is cheapamar gur ar an ngealaigh a bhíomar ar an ndúthaigh gur thiomáineamar tríd . Ba ghearr go bhfacamar tréad gabhar dá dtreorú trasna an bhóthair ag an marcach.
Aoirí ar mhuin capaill is diallaite le suas le 100 ainmhí féna gcúram agus muna bhfuil féar fada acu tabhair fé ndeara go bhfuil fairsinge acu ar thalamh ná feaca riamh na níotráití atá ag glasú feirmeacha gnó na hÉireann fé láthair. Bíonn na haoirí ag treorú a gcuid capall, caoirigh, gabhair, geacanna nó a mbólacht chun féir sa bhfairsinge seo, rud a chiallaíonn gur feirmeoireacht go hiomlán orgánach atá ar siúl ann.
Bhíodh laethanta is bhímis clipthe aige cuileanna marbha ar an bhfuinneog thosaigh mar a bhíodh againn in Éirinn lá dá raibh. Ní gá dhuit aon chomhartha eile ar cé chomh horgánach is atá an fheirmeoireacht ach na cuileanna céanna a fheiscint.
Ní féidir a rá gurb é a ngnó é ach a slí bheatha, gan ceangal le haon áit amháin acu ach iad ina bhfánaithe nó ‘nomads’, mar a thugann siad orthu fhéin.
Ní hí Meiriceá an ‘land of the free’ ach an Mhongóil. Coimín mór fairsing is ea an Mhongóil le treibheanna neamhphréamhaithe ag maireachtaint a saoil le saoirse agus fiántas pobail atá ag obair leis na cianta agus go dtí an lá atá inniu ann fhéin. Canathaobh go n-athróidíst faic má tá sé ag obair chomh fada san dóibh? Ní hionann athrú agus feabhas i gcónaí. Ní hamháin san ach níl aon ní ag stop éinne, fiú amháin sinn fhéin, cor a dhéanamh inár saol agus déanamh mar iad.
Níl agat le déanamh ach cúpla ainmhí a cheannach agus tánn tú tosnaithe agus ní bheidh éinne ag trasnaíl ort dá bharra. Má tá, chaithfeá fios do ghnó a bheith agat agus eolas is ea é seo ná gheobhair in aon ollscoil, go háirithe is tú ag plé le teas an tsamhraidh agus nimhneas fhuaire an gheimhridh. Chaithfeá a bheith ag foghlaim ón gcliabhán, a déarfainn
N’fheaca riamh i mo shaol oiread gabhar is capall, caoirigh is geacanna ar bhánta gan teorainn gan claí agus atá feicthe anseo sa Mhongóil agam.
Mo ghraidhin do cheann má tánn tú ag iarraidh maireachtaint sa tír seo i do ghlasrach mar is feoil is mó a itheann siad. Ní hamháin san ach bíonn feoil acu le feoil! Gabhair is caoirigh is mó a itear i rith an tsamhraidh agus capaill ón Nollaig go Feabhra. Ar chuma éigin is feoil níos boige í an fheoil chapall i gcorplár fhuaire an Gheimhridh, a bhíonn 30°C faoi bhun an reophointe, ar a laghad agus níos fuaire fós a deirtear liom ó thuaidh ar theorainn na Sibéire. Bíonn sé sna tríochaidí arda Celsius i gcorplár an tsamhraidh acu.
Tá ana-mheas acu ar chapaill mar chomh maith le bheith á marcaíocht, itear iad, onnmhairítear iad go dtí na tíortha máguaird agus óltar a gcuid bainne, ar a dtugtar airag, atá níos milse ná bainne na bó agus atá níos cosúla le bainne cíche ná aon bhainne eile.
Deineann siad iógart as a gcuid mbainne chomh maith. Ní hamháin san ach deintear driogaireacht ar an mbainne capaill agus deintear vodka bainne as nach bhfuil chomh láidir san ar fad ach in ainm is bheith ana-mhaith do do shláinte.
Comhartha eile ar a meas ar na capaill agus ar shaibhreas a dteanga labhartha ná go bhfuil 300 focal acu don gcapall amháin. Caithfead labhairt le Manchán is a 32 focal do ghort! Bhíomar ag caint le fear gnó ann a bhíonn ag plé leis na Sínigh agus mar mholadh orthu, arsa é, ‘Tá buannacht acu ar a bhfocail.’Agus ráiteas eile uaidh ná ‘Ní insíonn na súile éitheach.’
Tá cuma na gcapall ar na geacanna ach in ionad a bheith triopallach bíonn siad gioblach agus adharca móra ar chuid acu. Bíonn adharca fada ar na ba thar lear!
Tá ana-chuid mianadóireachta ar siúl sa Mhongóil, go háirithe gual a cheannaíonn na Sínigh uathu. Tá copar, ór agus iarann acu agus le hana-dhéanaí tá siad tar éis teacht ar a lán litiam sa talamh.
Stadamar i siopa lá is bhí daoine ann a bhí ag déanamh an t-iontas céanna dínne is bhíomarna ag déanamh díobh sin. Bhíodar ag lorg pictiúir linn agus cheadaíodar san dúinne thar n-ais é. Chuimhníos ar Sheán na Pípe ó Arda Mór ag iarraidh ar bhean a phictiúir a tharraingt agus arsa é léi ‘Will you pull my picture?’.
Stad na póilíní sinn ó am go ham agus iad ag caitheamh go fíorphroifisiúnta linn. Níor éirigh linn árachas a fháil dár gcairteacha na deich lá a thugamar ann agus níor lorgaíodh orainn ach oiread é. Bhí sé go hiontach gan aon radharc in aon chor a bheith ar an arm, fé mar a bhí againn i gcuid des na Stans.
D’fhanamar i lóistín tí oíche agus bhí an fear seo ag róstadh caoireola ar bheárbaiciú Ghenghis Khan dúinn le hanraith feoil ghabhair mar an chéad chúrsa agus ana-eolas aige i dtaobh na tíre agus ana-mheas ar Ghenghis Khan, rud a chuir le blas an bhídh dúinn.
Anraith feoil ghabhair
Nuair a chuala sé gur ghabhamar tríd an Rúis, ‘Putin a bad man’ arsa é. Dúirt sé ná raibh ag an Mongóil ach arm beag síochána anois ach toisc go bhfuil siad teanntaithe gan aon chósta farraige idir an Rúis is an tSín, tá siad ag neartú a gcairdis leis an Eoraip, na Stáit Aontaithe is an tSeapáin.
Dhá oíche sular shroiseas Ulaanbaatar i lóistín in Erdenesant fuaireas amach go raibh mo dhialann dheas caillte agam. Ní hé deireadh an tsaoil é, arsa mise liom fhéin ach bhí mo nótaí ar fad don dturas ann agus bhíos bailithe go maith dá bharr. Mhíníos mo chás don gcuid eile ná raibh tagtha chomh fada le Paddy is mé fhéin fós ach iad breis is 300 míle ó bhaile. Gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh dó, ghlaodar ar chúpla duine agus an oíche sula bhfágas Ulaanbaatar thug cailín óg ó Loch Garman, Lucy Ní Bhodhlaeir, mo dhialann chugham slán sábháilte. Míorúilt i dtír mar seo ná maireann ann ach trí mhilliún go leith duine agus milliún go leith acu sa phríomhchathair Ulaanbaatar.
Sea ceann scríbe sroiste, sinn tugtha traochta scaipthe ach chomh sásta gur éirigh linn ár n-aidhm a chur i gcrích agus gan na focail ag rith chugham anois chun an bhraistint sin a mhíniú. Tír mhór mhillteanach, fiáin thar cuimse le geimhrí crua ar dhóigh leat a chruafadh meon na ndaoine. Ach sé a mhalairt atá i gceist mar is daoine láidre cneasta umhal is ea iad le saoirse meoin aigne is coirp go bhfuil i bhfad níos mó le foghlaim uathu ná mar atá againne le múineadh dóibhsean.
Bhí sé ráite riamh i dtaobh duine óg ciallmhar, gur ceann críonna ar ghuaillibh óga ab ea é, ach ní mar sin dúinne, go háirithe Paddy atá ag teannadh suas leis an dá bhliain is ceithre fichid an mhí seo chughainn agus Mike Alexander atá seacht mbliana is ceithre fichid ó thosach na bliana. Ceannaíocha óga ar ghuaillibh chríonna is ea iad agus ó bheith lena gcois ó thosach an Mheithimh tá mo chroí tógtha acu is a bhfonn chun an tsaoil. Fonn a dheineas fiach.
Airag: iógart déanta as bainne capaill.
Bainne lárach: níos milse agus níos goirte ná bainne na bó, níos cosúla le bainne cíche ná aon bhainne eile
Caoimhín
Ardfhear, a Bhreanndáin! Thaitin an tsraith seo go mór liom. Fíorspéisiúil a bheith do do leanúint tríd an Bhulgáir, an Tuirc, an Iaráin, na “Stans”, an Rúis agus an Mhongóil. Cá rachaidh tú ar do chéad turas eile? An ghealach, b’fhéidir? Mars? Tabharfaidh Musk síob dhuit. Tá tú óg go fóill! Nár lagaí Dia thú!
Taistealaí
Maith thú, a Bhreanndáin! Sraith iontach.