300 comhartha sráide dátheangach le cur suas d’aon iarraidh i mBéal Feirste

Meastar go bhfuil os cionn 600 iarratas ar chomhartha dátheangach fós le próiseáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus nach n-éiríonn leis an gcomhairle ach timpeall sé cinn d’iarratais a láimhseáil in aghaidh na míosa

300 comhartha sráide dátheangach le cur suas d’aon iarraidh i mBéal Feirste

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste chun comharthaí sráide dátheangacha a chrochadh d’aon iarraidh amháin in os cionn 300 sráid.

Chuir Conradh na Gaeilge agus Fís an Phobail fáilte roimh an moladh go gcuirfí na comharthaí in airde i 309 sráid sa cheantar in iarthar na cathrach ar a dtugtar an Cheathrú Ghaeltachta.

D’athraigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a polasaí maidir le comharthaí dátheangacha in 2022 chun é a dhéanamh níos éasca comhartha le Gaeilge air a chur in airde, ach tá moill mhór leis na comharthaí nua a cheadú.

Ghlac Coiste Polasaí Straitéiseach agus Acmhainní na Comhairle leis an athrú polasaí i ndiaidh dóibh tuarascáil faoin ábhar a phlé. Cuirfear an moladh faoi bhráid cruinniú iomlán den Chomhairle chun beannacht na gcomhairleoirí go léir a fháil don chur chuige nua.

Tuairiscíodh i dtús na bliana seo nach raibh oiread agus comhartha sráide Gaeilge nua amháin curtha in airde i mBéal Feirste le sé mhí in ainneoin 600 iarratas a bheith déanta ag baill den phobal.

Meastar go bhfuil os cionn 600 iarratas ar chomhartha dátheangach fós le próiseáil faoi láthair agus nach n-éiríonn leis an gComhairle ach timpeall sé cinn d’iarratais a láimhseáil in aghaidh na míosa.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste gur dul chun cinn a bhí sa pholasaí nua, atá le cur faoi bhráid na gcomhairleoirí cathrach chun a mbeannacht a fháil.

“Go stairiúil, bhí infheictheacht na teanga ag brath ar an phobal féin comharthaí a chur in airde. Chuir muid fáilte roimh pholasaí úr de chuid na Comhairle ar na mallaibh a rinne an próiseas i bhfad Éireann níos fusa do chónaitheoirí comhartha Gaeilge a lorg agus fáiltíonn muid arís inniu roimh an dul chun cinn is déanaí chun comharthaí dátheangacha a chur in airde ar na sráideanna uilig sa Cheathrú Ghaeltachta in aon bhabhta amháin, rud a chuirfidh go mór le hiarrachtaí an phobail an teanga a chur chun cinn sa cheantar.”

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga, le Conradh na Gaeilge, go n-aithnítear go bhfuil cur chun cinn mionteangacha ar chomharthaíocht “i measc na mbeartas is tábhachtaí go hidirnáisiúnta” ó thaobh cosaint agus cur chun cinn na dteangacha sin.

“Cuireann sin le normalú, le comhbhá agus le caoinfhulaingt, go háirithe i measc an phobail áitiúil. Is polasaí athshlánaithe teanga é seo atá ag dul go leor logainmneacha dúchasacha a thabhairt ar ais os comhair an phobail ar chomharthaí buana.”

Dúirt Cuisle Nic Liam gur cuireadh an rún maidir le na céadta comharthaí a cheadú ag an am céanna mar gheall ar an moill a bhí ar cheadú agus crochadh comharthaí dátheangacha.

“Measann muid, ag amharc ar an luas lena bhfuil an Chomhairle ag plé le hiarratais a chomhlíonadh faoi láthair, go mbeadh cónaitheoirí áirithe ag fanacht idir 10-12 bliain.

“Measann muid fosta go sábhálfaidh an Chomhairle breis agus £185,000 tríd an chur chuige seo, in áit a bheith ag plé leis seo sráid i ndiaidh sráide.”

Ghabh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste leithscéal an tseachtain seo caite as botúin litrithe sa Ghaeilge ar chúig cinn de chomharthaí sráide sa chathair.

Dúradh go rabhthas ag obair faoi láthair ar na comharthaí sin a cheartú ach gurbh an comhlacht a phriontáil na comharthaí féin ba chúis leis na botúin agus go ndéanfaí iad a athrú gan aon chostas breise a tharraingt ar an gComhairle.

Fág freagra ar '300 comhartha sráide dátheangach le cur suas d’aon iarraidh i mBéal Feirste'