Ní raibh Aire Stáit féin ag fanacht le Ronnie Delaney nuair a thuirling sé ón eitleán agus an bonn óir Oilimpeach timpeall a mhuiníl ag teacht don Nollaig 1956.
Is dóigh gur chóir a rá nach raibh a leithéid de phost ann ag an am agus nach aon dímheas a d’fhág go mba ina aonar nach mór a shiúil Delaney amach tríd an ngeata in Aerfort na Sionainne. I ngluaisteán a chuaigh sé as sin, aistear a thóg an t-achar céanna agus a ghlac sé a theacht go hÉirinn, seans.
Is é fírinne an scéil nár fhill sé ar an mbaile in éindí leis an gcuid eile de lúthchleasaithe na hÉireann. Ní raibh Ronnie ach 21 bliain d’aois agus sula dtáinig saoire na Nollag, bhí air scrúdaithe a dhéanamh in Ollscoil Villanova sna Stáit Aontaithe áit a raibh sé ina mhac léinn.
Ar an gcéad lá den mhí sin a rinne sé an gaisce, ach bhí fear na féasóige ag tosaí ag líonadh na málaí sa Mol Thuaidh nuair a d’éirigh leis an seaimpín príomhchathair na hÉireann a bhaint amach – ba sa tSionainn a tháinig deireadh lena aistear aeir mar go mba ansiúd ba ghnách le heitiltí trasatlantacha a dhul ag an am sin.
Bhí fanacht beagnach dhá scór bliain eile ann sula dtáinig an chéad bhonn óir Oilimpeach go hÉirinn – Michael Carruth a rinne sin sa gcró dornálaíochta i Barcelona 1994. Is fada an t-achar é, ach d’fhág tuiscint an phobail ar thábhacht a ghaisce agus a raibh i gceist leis nár laghdaigh cáil Ronnie Delaney le himeacht na mblianta ná ó shin.
Go deimhin tá seans ann go mba amhlaidh a mhéadaigh sé.
Ba í an phríomhchúis a bhí leis sin is dóibh nach raibh a ghaisce déanta ag aon duine eile le linn an achair agus go luaití ainm Delaney níos minice ná a chéile nuair a bhíodh an seans ann go dtiocfadh Éireannach éicint eile ar comhchéim leis.
Ní féidir freisin nach raibh baint ag a phearsantacht leis an urraim a bhí dó. Fear ciúin, modhúil nach raibh postúlacht dá laghad ag baint leis ab ea é. Ainneoin a chlú a bheith chomh mhór sin agus nach mba ghá ach a ainm baiste nó a shloinne a lua go mbeadh a fhios cé hé féin, cheapfá nuair a labhair sé ar an lá go mba ar ghaisce duine éicint eile a bhí sé ag caint, ina leaba féin.
Bhí plúr lúthchleasaithe an domhain sa gcoimhlint chéanna i 1956. Ní raibh sé ach bliain go leith roimhe ó bhí Roger Bannister ar an gcéad duine ariamh a bhí faoi bhun cheithre nóiméad do rás an mhíle. Bhí seisean éirithe as ach idir an dá linn bhí triúr a raibh an churiarracht sáraithe acu ar an líne in Melbourne, mar aon le beirt eile a bhí faoi bhun cheithre nóiméad.
Bhí Bannister i measc an tslua ag coinneáil súil ghéar ar imeachtaí agus nuair a bhí an iomaíocht thart, ba é a dúirt sé ‘I never saw a more beautifully judged race.’
Tá a leithéid coiscthe sa lá atá inniu ann, ach ba ar a ghogaide (mar a dhéantar sna rásaí ráibe) a bhí Murray Halberg na Nua-Shéalainne ar an líne agus ar shéideadh an ghunna ba eisean a chuaigh chun cinn áit ar fhan sé ar feadh dhá thimpeall.
Astrálach, Mervyn Lincoln a bhí chun tosaigh ina dhiaidh, ach bhí na hiomaitheoirí ar fad teanntaithe ina chéile nuair a buaileadh an clog a thug le fios dóibh go mba ar an timpeall deireanach a bhí siad – gan ach beirt de na reathaithe chun deiridh ar Delaney, a bhí ag iarraidh seachaint a dhéanamh ar an gcontúirt a bhain leo siúd a bhí i mullach a chéile .
Leath den timpeall deireanach a bhí déanta nuair a thosaigh an tÉireannach ag bailiú amach a raibh roimhe agus ar an gcasadh deireanach chuaigh chun cinn ar fad nuair a bhailigh sé an Sasanach, Brian Hewson.
3 nóiméad 41.2 soicind a bhí ar an gclog, nuair a thrasnaigh sé an líne – curiarracht nua Oilimpeach agus beagnach soicind iomlán chun cinn ar an nGearmánach, Klaus Richtzenhain a bhí sa dara háit agus an tAstrálach, John Landy a bhí sa tríú háit. Thug Delaney cúpla coisméig eile, chaith é féin síos ar a ghlúine agus thug buíochas do Dhia.
Ar aistear eile, ar Shlí na Fírinne, a chuaigh Ronnie Delaney Dé Céadaoin seo caite. Beannacht Dé leis.
De bharr an cháil a bhain éacht Delaney amach, is furasta dearmad a dhéanamh gur bhuaigh lúthchleasaithe Éireannacha eile ceithre bhonn ag Cluichí sin Melbourne i 1956 agus go mba dath an óir a bheadh freisin ar cheann acu dá mbeadh ceart le fáil.
Dornálaithe ab ea iad an ceathrar. Thug John Caldwell (cuilmheáchan) agus Freddie Gilroy (coileachmheáchan) as Béal Feirste boinn chré-umha leo agus rinne Tony ‘Socks’ Byrne (éadrom-mheáchan) as Bleá Cliath amhlaidh. Fear eile as an gcathair sin, Fred Tiedt, a thug an bonn airgid leis i dtroid i roinn an mharcmheáchain inar gaireadh Nicolae Linca as an Rómáin mar bhuaiteoir cé gur dhúirt go leor a chonaic an troid go mb’éagóir sin.
Fág freagra ar '3 nóiméad, 41.2 soicind a bhí ar an gclog, nuair a thrasnaigh Ronnie Delaney an líne'