Cuirfear Asailín Abú! agus go leor leabhar eile i láthair an phobail agus seoladh bliantúil leabhar an Ghúim ar siúl inniu. Labhair údar an leabhair Asailín Abú! Pauline Devine linn

Beidh féasta leabhar á sheoladh ag an nGúm tráthnóna i gceannáras Fhoras na Gaeilge. I measc na leabhar sin tá Asailín Abú!, scéal nua ó pheann Pauline Devine.

Sa leabhar Ó Bhó, Na Beacha!, an chéad saothar le Pauline Devine a d’fhoilsigh an Gúm, casadh Mamó agus a cuid ainmhithe beaga orainn den chéad uair. Seo arís iad, agus eachtra nua acu, sa leabhar Asailín Abú!, an dara pictiúrleabhar sa tsraith chéanna.

In Asailín Abú! tagann Mamó agus a cairde beaga ar asal gonta agus iad ag baint fheamainne. Is léir gur caitheadh go dona leis, an t-asal bocht. Tugann Mamó agus na hainmhithe beaga gach cúnamh dó; cuireann Asailín aithne orthu diaidh ar ndiaidh, agus de réir a chéile insíonn sé dóibh faoin drochíde a tugadh dó (ar bhealach nach gcuirfeadh scáth ar an bpáistín óg). Feictear do Devine gur gá scéalta dá leithéid a chur i láthair an phobail:

“Tar éis na Nollag, go háirithe, déantar peataí a thréigean. Go leor de na peataí sin, ní thagann siad slán, ní mhaireann siad beo tar éis dá gcuid úinéirí drochbhail a thabhairt dóibh nó tar éis dóibh iad a thréigean ar fad. Ba cheart, agus is gá, an méid sin a chur ina luí ar an bpobal.”

Críoch shona atá ar scéal Asailín, gan amhras, murab ionann is ainmhithe eile.

Is iomaí sin ceacht atá le baint ag an léitheoir ón seo. Leagtar an-bhéim ar úsáid na feamainne sa scéal, mar shampla. Ábhar é sin atá an-ghar do chroí an údair.

“Tá an fheamainn lán le mianraí agus vitimíní. Déanann sí an-mhaitheas do na barra; tá cneasú na cneá inti agus leigheas an dó; is folláine fuil ár gcorp ach í a ithe. In Asailín Abú!, baineann Mamó feamainn ar mhaithe le glasraí an ghairdín a chur ag fás. Cá bhfios nach gcaitheann sí isteach i mbuicéad bracháin Asailín í, chomh maith!

“Bhí an nós sin ann fadó, an fheamainn a chur tríd an leite. Agus deirtear liom go bhfuil an nós céanna san fhaisean arís ‒ nós a tháinig agus nár imigh!”

Tá an t-údar go láidir den tuairim go bhfuil an t-anam le cothú mar aon leis an gcorp agus gur ceart páiste a chur ag léamh agus é i dtús a óige.

“Meallann pictiúir áille an páistín i dtreo na bhfocal. Nós is ea an léitheoireacht – ón gcleachtadh a thagann an mháistreacht ar an nós sin. Nuair a fheicimse páiste in éineacht le duine fásta agus an bheirt acu sáite i bpictiúrleabhar, tuigtear dom go bhfuil dhá anam á bhfí ina chéile.

“Cuireann leabhar maith ag machnamh sinn … orainn féin agus ar dhaoine eile. Ní hionann agus an rud a fhoghlaimítear ar scáileán, baineann an leabhar leis an duine aonair, agus is cuid dá anam go brách é.”

Cuirfear Asailín Abú! agus go leor leabhar eile i láthair an phobail ag seoladh bliantúil an Ghúim, tráthnóna inniu ag 6pm i gceannáras Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar ''