215 post níos mó i gcomhlachtaí an Údaráis i 2015 ná mar a bhí i 2014

Bhain os cionn leath de na postanna sin – 116 post – le comhlachtaí i nGaeltacht Dhún na nGall. I nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo amháin a bhí laghdú i gceist

udaras_DB

215 post lánaimseartha a cruthaíodh in 2015 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cailleadh le linn na bliana céanna. B’ionann an méadú fostaíochta seo agus an ‘glanmhéadú’ fostaíochta is mó i gcomhlachtaí an Údaráis ó 2005.

Bhain os cionn leath de na postanna sin – 116 post – le comhlachtaí i  nGaeltacht Dhún na nGall.

7,869 post a bhí i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana 2015, 7,268 post lánaimseartha agus 601 post páirtaimseartha.

Tháinig titim 50% ar líon na bpostanna a cailleadh in 2015 i gcomparáid le 2014. Méadú fostaíochta a bhí i gceist i ngach ceantar Gaeltachta seachas i nGaeltacht Chiarraí, i nGaeltacht Mhaigh Eo agus i nGaeltacht Phort Láirge. Glanlaghdú de sé phost a bhí i gceist i nGaeltacht Chiarraí, agus glanlaghdú de 20 post a bhí ann i nGaeltacht Mhaigh Eo in 2015. Mar a chéile a bhí leibhéal na fostaíochta i bPort Láirge in 2014 agus in 2015.

Deirtear in Athbhreithniú an Údaráis gur i gcomhlachtaí sna hearnálacha cógaisíochta, feistí leighis, bia agus saindéantúsaíochta is mó a a bhí borradh faoi chúrsaí fostaíochta le linn na bliana 2015 agus gur sna hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta traidisiúnta is mó a cailleadh postanna.

Dar le hAire Stáit na Gaeltachta, Joe Mc Hugh TD gur “scéal thar a bheith dearfach” a bhí in Athbhreithniú an Údaráis. “Léiríonn na figiúirí go raibh 215 duine breise ag obair i gcomhlachtaí Gaeltachta ag deireadh 2015 i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin. Tá an fás san fhostaíocht le feiceáil den chuid is mó i gcomhlachtaí atá ag easpórtáil agus taispeánann na figiúirí seo go bhfuil ag éirí le straitéis an Údaráis tacú le comhlachtaí Gaeltachta díriú ar easpórtáil,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Steve Ó Cúláin go raibh an eagraíocht ag díriú cuid mhaith ar Ghaeltacht Dhún na nGall le breis agus bliain anuas toisc gur cailleadh an oiread sin postanna sa cheantar sin in 2014.

“Tá áthas orainn a fheiceáil go bhfuil borradh tagtha faoi chúrsaí gnó sa cheantar de thoradh na hoibre sin. Tá bonn láidir faoi na comhlachtaí agus tá roinnt acu ag tabhairt faoi fhorbairtí nua, tá an infheistíocht atá déanta san infreastruchtúr gnó go háitiúil ag mealladh tograí nua, agus tá fás ar an líon fiosrúchán gnó atá á láimhseáil againn don cheantar.

“Tá áthas orainn freisin a bheith in ann tacú le Randox Teo tabhairt faoi na forbairtí suntasacha atá beartaithe acu sna blianta beaga amach romhainn,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur ábhar dóchais dó gur bunaíodh 30 gnó nua sa Ghaeltacht in 2015 agus go raibh os cionn 60 duine fostaithe sna gnólachtaí sin.

Mhaígh an Príomhfheidmeannach chomh maith go raibh ag éirí leis an athstruchtúrú atá déanta ar earnáil na mara i ndeisceart Chonamara le dhá bhliain anuas. “Tá sé soiléir anois gurb é an modh is éifeachtaí leis an tionscal seo a fhorbairt ná trí phlean bainistíochta cuan aonair leis an bhuntáiste is fearr a fháil do phobail bheaga Ghaeltachta cois cósta,” a dúirt sé.

Maítear san Athbhreithniú go bhfuil “téarnamh suntasach le feiceáil anois sa Ghaeltacht” bíodh go raibh an ghéarchéim eacnamaíochta níos measa inti “de bharr go bhfuil sí lonnaithe den chuid is mó i gceantair atá scoite amach”.

Deirtear go gcreideann an tÚdarás “go láidir, in ainneoin na constaice seo, gur féidir níos mó fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil”.

Sna blianta amach romhainn díreofar infheistíocht an Údaráis ar “acmhainní nádúrtha” na Gaeltachta, ar na heolaíochtaí beatha, ar an innealtóireacht, ar sheirbhísí trádála idirnáisiúnta agus ar an turasóireacht.

Fág freagra ar '215 post níos mó i gcomhlachtaí an Údaráis i 2015 ná mar a bhí i 2014'