214 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus tithe tábhairne dúnta go dtí an 29 Márta

Tá ordú tugtha do gach teach tábhairne, club oíche agus beáir óstáin sa tír dúnadh ó anocht go dtí an 29 Márta

214 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus tithe tábhairne dúnta go dtí an 29 Márta

Tá 214 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn, 169 cás ó dheas den teorainn agus 45 cás ó thuaidh di.

40 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna agus 11 cás nua a deimhníodh ó thuaidh. B’in an t-ardú is mó in aon lá amháin, thuaidh agus theas, ó deimhníodh an chéad chás ann.

Tá na milliúin daoine ar fud na hEorpa agus a saol á chaitheamh acu faoi ordú dianghlasála mar gheall ar an gcoróinvíreas a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain.

Tá ordú tugtha do gach teach tábhairne, club oíche agus beáir óstáin sa stát dúnadh ó anocht go dtí an 29 Márta.

Agus dúnadh na bpubanna agus agus na gclubanna á fhógairt aige tráthnóna, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris nach “leithscéal” a bhí ann do dhaoine cóisirí tí nó “cóisirí Covid-19” a bheith acu. Tá an Rialtas ag impí ar dhaoine gan cóisirí tí a eagrú nó cóisirí a eagrú aon áit eile.

Níos túisce inniu, dúirt an Taoiseach go mb’fhéidir go lorgódh an Rialtas a thuilleadh cumhachtaí chun go bhféadfaí an cosc ar ollchruinnithe de níos mó ná 100 duine a chur i bhfeidhm.

Ba léir ó fhíseáin agus pictiúir ar na meáin shóisialta nach raibh beann ar an gcosc sin ag daoine áirithe agus bhí pubanna áirithe ar fud na tíre pacáilte le linn an deireadh seachtaine.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid gurbh amhlaidh gur “iompar contúirteach” a bhí ar bun ag tábhairneoirí agus custaiméirí áirithe.

Chinn cuid mhór pubanna ar fud na tíre dúnadh as a stuaim féin agus d’fhógair tábhairneoirí Bharra an Teampaill tráthnóna go raibh gach teach tábhairne agus club sa cheantar sin á ndúnadh láithreach.

Tá cáineadh géar á dhéanamh ar na meáin shóisialta ar thábhairneoirí agus custaiméirí nach bhfuil aon aird á tabhairt acu ar na srianta a fógraíodh Déardaoin seo caite chun dul i ngleic leis scaipeadh an ghalair.

Pléifidh an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí cé acu ar cheart nó nár cheart ordú a thabhairt go ndúnfaí tithe tábhairne agus áiteanna eile.

Dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE Anne O’Connor go rabhthas ag súil le hardú “suntasach” ar líon na ndaoine a gcuirfear tástáil orthu do Covid-19 an tseachtain seo chugainn.

Bunófar ionaid tástála phobail chun tástáil a chur ar dhaoine, a dúirt sí.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan go rabhthas buartha faoi líon na ndaoine a raibh neamhaird á déanamh acu ar threoracha na n-údarás maidir leis an scoitheadh sóisialta.

Dúirt Tony Holohan go raibh neamhaird á déanamh ag aicmí áirithe de na treoracha, go háirithe daoine idir 20-40 bliain d’aois.

Idir an dá linn, fógraíodh inniu go bhfuil 35 duine básaithe sa Bhreatain de bharr an víris a bhfuil a lorg fágtha aige ar gach gné den saol ar fud an domhain. Léiriú eile air sin ab ea an scéal go bhfuil faoi Rialtas na Breataine iarraidh ar dhaoine atá amach san aois fanacht glan ar dhaoine ar feadh ceithre mhí.

368 bás de thoradh an choróinvíris a fógraíodh san Iodáil inniu, an líon is mó básanna in aon lá amháin go dtí seo. 1,800 atá básaithe de bharr an ghalair anois sa tír sin.

100 duine a bhásaigh de bharr an ghalair sa Spáinn le lá anuas agus an tír sin ar an dara tír is measa sa Eoraip atá buailte ag Covid-19. Tharla an t-ardú sin sa Spáinn i ndiaidh do Rialtas na Spáinne a cosc a chur ar dhaoine an tigh a fhágáil ach amháin más gá dóibh dul go dtí an obair, bia a cheannach nó cúram leighis a fháil.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad d’fhógair an Rialtas Déardaoin seo caite mar iarracht moill a chur le scaipeadh an ghalair sa tír seo.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht tamall amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Tá critéir nua maidir le tástáil don choróinvíreas fógartha ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. Ba chóir do gach duine feasta glaoch ar an ndochtúir má tá fiabhras nó teocht 38 céim nó níos airde orthu nó creathadh fuachta orthu nó comharthaí sóirt ionfhabhtú riospráide, amhail casacht, acu.

Go dtí seo ba iad na daoine a shásaigh na critéir do thástáil ná daoine a tháinig abhaile ó áit thar lear ina raibh an galar forleathan agus siomtóim an ghalair orthu agus daoine a raibh gartheagmháil acu leo agus na siomtóim chéanna orthu.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus an tseachtain seo caite gurb í an Eoraip anois “croílár na paindéime Covid-19” agus níos mó cásanna deimhnithe den ghalar ann ná mar atá sa chuid eile den domhan go léir nuair a fhágtar an tSín as an áireamh.

 

Fág freagra ar '214 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus tithe tábhairne dúnta go dtí an 29 Márta'