208 cás nua den choróinvíreas fógartha, athrú déanta ar an dtréimhse féinleithlisithe

Tá 60 duine a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil faoi láthair, an líon is mó ó mhí an Mheithimh agus tá 11 duine sna haonaid dianchúraim, an líon is mó ó mhí Iúil

208 cás nua den choróinvíreas fógartha, athrú déanta ar an dtréimhse féinleithlisithe

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 208 cás nua den Covid-19 agus bhain 108 acusan le Baile Átha Cliath, nó 52%.

Ní raibh aon bhás eile de thoradh an ghalair le fógairt inniu.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil beirt eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus fógraíodh go raibh 109 cás nua deimhnithe ó thuaidh den teorainn.

Baineann 12 de na cásanna nua a fógraíodh tráthnóna le Dún na nGall. 10 gcinn atá i gcontae na Mí agus seacht gcinn atá i gCorcaigh.

Baineann ar a laghad cás amháin den 208 cás nua leis an nGaillimh agus baineann ar a laghad cás amháin le Maigh Eo.

Bhain 18 cás le contae an Lú, naoi gcinn a bhí i gCill Dara, sé cinn a bhí i Luimneach agus sé cinn a bhí i Loch Garman.

Tá sé deimhnithe gur bhain 33% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 18 cás.

Bhí 62% de na daoine atá buailte ag an víreas inniu faoi bhun 45 bliain d’aois.

Tá 60 duine a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil faoi láthair, an líon is mó ó mhí an Mheithimh agus tá 11 duine sna haonaid dianchúraim, an líon is mó ó mhí Iúil.

39,615 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 31,192 cás ó dheas den teorainn agus 8,423 cás ó thuaidh di.

2,354 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,784 duine ó dheas agus 570 ó thuaidh.

Dheimhnigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna go bhfuil cinneadh déanta ag NPHET athrú a dhéanamh ar an treoir chliniciúil a chuireann Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh ó thaobh an fhéinleithlisithe.

Tá an treoir nua bunaithe ar staidéar a rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte ar an bhfianaise i dtíortha eile. Faoin treoir nua má bhíonn duine ina theagmhálaí ag duine sa bpobal ar deimhníodh an Covid-19 a bheith air, leithlisiú 10 lá a bheidh le déanamh aige seachas an 14 lá mar a bhíodh go dtí seo. Ní mór don duine sin a bheith saor ó aon fhiabhras le 5 lá sula rachaidh sé i measc an phobail arís. Níl aon athrú ar an 14 lá i gcás gartheagmhálaithe nó daoine a tháinig isteach as tíortha nach bhfuil ar an liosta glas.

Níos luaithe inniu, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur dócha go gcuirfí srianta breise i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath in iarracht scaipeadh an choróinvíris sa gcontae sin a mhaolú.

Dúirt an Tánaiste dá leanfadh an víreas ag scaipeadh mar atá faoi láthair nach fada eile go mbeadh níos mó daoine á gcur san ospidéal agus níos mó daoine ag fáil bháis.

Tá cinneadh á dhéanamh ag an Rialtas amárach faoi aon bhearta breise a bheadh riachtanach i mBaile Átha Cliath. Dúirt an Tánaiste gur mór idir an scéal sa gcontae sin agus an chuid eile den tír agus dá bharr, go gcaithfí déileáil leis ar bhealach eile.

Dúirt sé go raibh srianta áitiúla á scrúdú, mar a cuireadh i bhfeidhm i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí, seachas srianta diana mar a cuireadh i bhfeidhm sa Mhárta agus san Aibreán nuair a bhuail an Covid-19 an tír ar dtús.

Fág freagra ar '208 cás nua den choróinvíreas fógartha, athrú déanta ar an dtréimhse féinleithlisithe'