
Tá ceithre chagatóir ann do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá á reáchtáil ag an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge: miondíol; fáilteachas agus turasasóireacht; seirbhísí; agus comlachtaí eile.
Bronntar an Gradam ar ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gCathair na Gaillimhe. Roghnófar buaiteoir as gach aon cheann de na catagaóirí agus astu sin a roghnófar príomhbhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bronnfar duaiseanna ar fiú os cionn €16,000 ar fad iad ar na buaiteoirí.
Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge go bhfuil béim láidir ar mhargaíocht ar líne i mbliana agus go gcuireann sé sin le feiceálacht na Gaeilge níos faide i gcéin.
“Tá éagsúlacht mhaith le sonrú sna hainmniúcháin idir mhéid agus seirbhísí, agus tá súil againn go mbainfidh siad go léir tairbhe agus taitneamh as. I mbliana tugaimid faoi deara go bhfuil béim láidir ar an ngné ‘ar líne’ den Ghradam – tá go leor de na gnólachtaí seo ag baint úsáid as suíomhanna gréasáin agus as gréasáin de na meáin shóisialta lena ngnó a chur chun cinn, seachas a bheith ag brath ar an siopa traidisiúnta i mbéal na sráide.
“Cuidíonn sé seo leis an nGradam agus leis an nGaeilge pobal níos fairsinge a aimsiú agus daingníonn sé freisin an cháil atá ar Ghaillimh mar chathair faoi leith a bhfuil an dátheangachas agus an cultúr i réim inti,” a dúirt sí.
Tá trí cinn déag den fhiche comhlacht istigh ar an ngradam den chéad uair i mbliana. Roghnóidh moltóirí an Ghradaim gearrliosta na mbuaiteoirí Dé Céadaoin 11 Márta. Seo a leanas na hainmniúcháin:
Catagóir | Ainmniúcháin | Urraitheoir |
Miondíol | Áil Rúin
Cógaslann & Áilleacht CARA Siopa Péinteanna Uí Fhátharta Ollmhargadh na Seoige Mála Peter Murphy Lighting and Electrical Stoves and Fireplaces |
Galway Bay FM |
Fáilteachas agus Turasóireacht | Brasserie on the Corner
Seodóirí an Chladaigh The Dáil Bar The Front Door |
Fáilte Éireann |
Seirbhísí | C-SideSound
Cope na Gaillimhe Ióga na Rinne Móire Súil Nua Architecture Ltd Tí Tighe Fascinators 7 Fáiscín |
Snap Galway |
Comhlachtaí Eile | CLG Bóthar na Trá/Chnoc na Cathrach
Consult Conor iSupply MÓRpr |
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. |
Fág freagra ar '20 comhlacht ainmnithe do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh'