17 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus os cionn 30,000 tástáil déanta ó dheas

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,821 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus  99 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 71 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di. 

17 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus os cionn 30,000 tástáil déanta ó dheas

Deimhníodh tráthnóna go raibh 17 duine eile a bhí buailte ag gcoróinvíreas básaithe agus go raibh 325 cás nua de Covid-19 ó dheas.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,821 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 99 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 71 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di. 

Maidir leis an seachtar déag is déanaí a bhásaigh fir ab ea triúr déag acu agus mná ab ea ceathrar. Bhí ochtar san oirthear, triúr i ndeisceart na tíre, triúr san iarthar agus triúr san iarthuaisceart. 84 bliain d’aois ar an meán a bhí siad.

3,235 cás deimhnithe den ghalar atá ann ó dheas agus 586 cás atá ó thuaidh.

53 cás nua atá deimhnithe sa Tuaisceart agus seisear eile básaithe. 5,885 tástáil atá déanta ó thuaidh, i gcomparáid le 30,213 ó dheas.

Le seachtain anuas tá céatadán na dtástálacha dearfacha ó dheas ardaithe ó 6% go dtí 15%. Athraíodh na critéir maidir le tástáil an tseachtain seo caite. Tá roinnt daoine ag fanacht 7-10 lá i gcónaí ar a dtorthaí tástála.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan go raibh líon na gcásanna deimhnithe ag fás 30% in aghaidh an lae sular tugadh na srianta isteach agus go bhfuil an ráta fáis tite go dtí thart ar 15%. Dúirt sé áfach go raibh 15% ró-ard agus go gcaithfí stop a chur leis an bhfás.

“Creidimid go bhfuil ag éirí linn an cuar a chothromú ach caithfimid é a chothromú tuilleadh,” arsa an Dr Tony Holohan.

Údar dóchais eile ná gur trí ghartheagmhálaí a bhíonn anois ar an meán ag othair nua atá buailte ag an aicíd, i gcomparáid le thart ar 20 gartheagmhálaí sular tugadh na srianta isteach.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte,  a bhain leis an 2,667 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 50% de na cásanna agus mná iad 50%
  • Bhí 118 braisle i gceist ar bhain 494 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 47 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 703 duine
  • As na daoine sin, cuireadh 113 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 647 cás, nó 25%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,487 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 238 cás, nó 9%
  • 86 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (3.2%), 66 a bhí i gcontae Chiarraí (2.5%), 46 cás bhí i nDún na nGall (1.7%), 36 cás a bhí i Maigh Eo (1.3%), 33 cás a bhí i bPort Láirge (1.2%) agus 54 cás a bhí i gcontae na Mí (2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 51% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 26% agus taisteal thar lear ba chúis le 23%

Tuairiscíodh inniu go raibh aonaid dianchúraim an stáit faoi bhrú mór agus cúram á chur iontu ar 133 othar.

Dúirt Uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann an Dr Catherine Motherway inniu go raibh 107 othar atá buailte ag an víreas curtha ar aerálaithe agus go raibh cúram á chur sna haonaid ar 26 duine eile a mheastar an víreas a bheith orthu.

“Tá ardú ag teacht ar líon na n-othar agus níl aon amhras ach gurb iad na hospidéil san oirthear an chéad dream atá buailte, agus táimid faoi bhrú an-mhór,” arsa an Dr Catherine Motherway.

Agus í faoi agallamh ar an Seán O’Rourke Show ar RTÉ Radio One, dúirt sí gur údar imní an t-ardú i líon na gcásanna cé go raibh ag éirí leis na hospidéil déileáil leis go fóill.

“Tá ag éirí leo an beart a dhéanamh agus déileáil le líon na gcásanna faoi láthair, ach níl aon amhras ach go bhfuilimid faoi bhrú an-mhór agus tá roinnt mhaith imní orainn faoi an mbeimid ábalta an bhrúisc a choinneáil faoi smacht.

“Anois, ní féidir linne srian a chur léi, is iad na daoine atá ag éisteacht liomsa agus leatsa ag baile atá ábalta í a choimeád faoi smacht trí fanacht ag baile,” arsa an Dr Motherway.

Léiríonn sonraí nua ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur in ionaid altranais atá 20% de na braislí ar fad den choróinvíreas. Is léir ó na sonraí sin, a bhaineann leis na cásanna a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, go bhfuil 111 braisle anois ann agus 428 duine ionfhabhtaithe ag an víreas iontu.

Fógraíódh beartais nua tráthnóna chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair in ionaid altranais.

In ospidéil atá 21 de na braislí seo, tá 24 acu i dtithe príobháideacha, 16 díobh a bhaineann le cúrsaí taistil, ceann amháin a bhaineann le teach tábhairne agus ceann eile a bhaineann le hóstán.

Rinneadh soiléiriú freisin inniu ar threoir an Rialtais maidir le sochraidí le linn na géarchéime sláinte. Dúirt Liz Canavan, oifigeach sinsearach i Roinn an Taoisigh, go raibh cead ag daoine atá gar i ngaol leis an té atá básaithe freastal ar shearmanais sochraide, fiú sa chás gurb é Covid-19 a chuir a nduine gaoil den saol, chomh fada agus go gcloífí go docht leis an treoir faoin scoitheadh sóisialta.

Níor chóir go mbeadh níos mó ná deichniúr i láthair in ionad adhartha nó i séipéal ná le taobh na huaighe. D’fhéadfadh go mbeadh gá le srianta níos géire ná sin a chur i bhfeidhm i spásanna atá cúng agus dúnta isteach. Sa chás go mbíonn srianta eile i bhfeidhm ag séipéil ar leith de bharr cúinsí logánta, chaithfí cloí leo.

Dúirt Liz Canavan chomh maith go raibh an tseirbhís sláinte ag ullmhú treoracha breise faoin ábhar seo agus go mbeidís á bhfoilsiú go luath.

Dúirt sí go raibh 460,000 duine sa tír seo atá os cionn 70 bliain d’aois agus ag tarraingt pinsean stáit agus go bhfuiltear ag cur comhairle orthu clutharú a dhéanamh orthu féin agus iarraidh ar dhaoine iontaofa eile an pinsean a bhailiú dóibh.

Elizabeth Canavan. Pictiúr  Sam Boal/RollingNews.ie

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil na príomhoifigigh leighis ar dhá thaobh na teorann chun Meabhrán Tuisceana a shíniú an tseachtain seo chun an comhoibriú idir an Rialtas ó dheas agus an Feidhmeannas in Stormont maidir le Covid-19 a chur ar bhonn foirmeálta.

Tá sé ráite ag Gabriel Scally, Ollamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil Bristol, go gcaithfidh an t-oileán seo oibriú mar aonad amháin in aghaidh an choróinvíris.

Thug Scally rabhadh go raibh an baol ann go gcuirfeadh muid amú go fánach an buntáiste tíreolaíochta atá againn toisc gur oileán muid de bharr polasaithe éagsúla sláinte a bheith á gcur i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann.

Dúirt Scally, údar na tuarascála faoin gconspóid CervicalCheck, gur mór an trua go bhfuil an Tuaisceart ag cloí leis an gcomhairle as Sasana mar gur dóigh leis féin go bhfuil an chomhairle sin ‘fíorlochtach’.

Dúirt sé go bhfuil seans againn an víreas a stopadh i gceart ach chuige sin go gcaithfear cosc a chur le haon chás nua den víreas a iompórtáil.

Pictiúr:Leon Farrell/Photocall Ireland.

Tá os cionn 40,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas agus nach mór 840,000 cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan faoin tráth seo.

Tá nach mór 175,000 duine ar ais ina sláinte agus an galar curtha díobh acu.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá is measa atá buailte ag an ngalar. Tá breis is 177,000 cás deimhnithe sa tír sin agus os cionn 3,500 duine curtha den saol ag an ngalar. Fágann sin go bhfuil líon na marbh níos airde anois i Stáit Aontaithe Mheiriceá ná mar atá sa tSín.

100,000 cás atá san Iodáil agus 94,417 cás atá sa Spáinn.

837 duine eile le Covid-19 atá básaithe san Iodáil agus 12,428 duine básaithe sa tír sin. 2,107 cás nua a deimhníodh i gcomparáid le 1,648 cás inné.

Tá síneadh ama curtha leis an dianghlasáil san Iodáil go dtí an Cháisc mar creideann na húdaráis ansin gur beagán le cois seachtaine atá acu go mbeidh an líon is mó cásanna sa tír, buaic na géarchéime.

Is í an Iodáil is daoire a d’íoc as an aicíd go dtí seo ó thaobh líon na marbh.

Ó inné go dtí inniu sa Spáinn, fuair an líon is mó daoine fós bás ón ngalar, 849 i gceithre uaire fichead. D’ardaigh an líon cásanna atá deimhnithe sa tír ó 85,195 inné go dtí 94,417 inniu agus tá 8,189 duine curtha den saol ag an ngalar.

Tá 387 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas caillte sa Bhreatain le lá anuas, an t-ardú laethúil is mó fós. I Sasana a bhí 367 de na daoine is déanaí a bhásaigh, bhásaigh 13 in Albain agus seachtar sa Bhreatain Bheag. 1,773 duine ar fad básaithe anois sna trí thír sin.

Tuairiscítear áfach go bhfuil níos mó daoine básaithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ná mar a thugtar le fios sna figiúirí sin agus nach bhfuil roinnt básanna a tharla roimh an 20 Márta san áireamh.

Sna Stáit Aontaithe, tá srianta de chineál éigin faoin tráth seo ar thriúr as gach ceathrar sa tír.

Tá fógra eisithe i 32 stát as an 50 stát ag ordú dá saoránaigh fanacht sa mbaile agus is iad Maryland, Virginia, Arizona agus Tennessee is deireanaí a rinne amhlaidh.

Is mó atá buailte anois i Meiriceá ná san Iodáil. Cathair Nua-Eabhrac is measa ar fad i Meiriceá atá buailte agus os cionn 1,000 duine curtha den saol ag an ngalar ansin, de réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins.

Deimhníodh 500 cás eile den ghalar sa Rúis inniu agus tá 2,337 duine buailte aige anois. Seo é an seachtú lá as a chéile ar ardaigh líon na gcásanna sa Rúis. Tá 18 curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa tír anois agus tá téarnamh déanta ag 121 duine.

Cé go bhfuil cúrsaí feabhsaithe go mór sa tSín agus i roinnt tíortha eile, is é tuiscint an WHO áfach nach bhfuil deireadh leis an eipidéim “ná baol air” i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.

“Dá fheabhas iad na beartais ar fad atá á gcur i bhfeidhm, beidh an baol i gcónaí ann go scaipfear an galar sa réigiún fad a mhairfidh an phaindéim,” a dúirt Takeshi Kasai, stiúrthóir réigiún an Aigéin Chiúin Thiar san WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

I ndeireadh na bliana seo caite a chonacthas an coróinvíreas nua den chéad uair sa tSín, ach faoin tráth seo tá níos mó cásanna i Meiriceá, san Iodáil agus sa Spáinn ná mar a deimhníodh sa tSín.

Is é tuairim an Bhainc Dhomhanda nach féidir ‘dochar eacnamaíochta suntasach’  a sheachaint i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus thug sé foláireamh go bhféadfadh go mbainfí “suaitheadh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo” as an domhan ar fad.

D’fhéadfadh go gcuirfí stad iomlán le fás na Síne agus nach mbeadh ach an bhochtaineacht i ndán do 11 milliún eile de na daoine in oirthear na hÁise.

 

 

Fág freagra ar '17 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus os cionn 30,000 tástáil déanta ó dheas'