16 eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus 99 braisle in ionaid altranais

244 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 174 ó dheas agus 70 ó thuaidh agus 6,522 cás atá deimhnithe

16 eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus 99 braisle in ionaid altranais

Tá 16 eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ó dheas.

244 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 174 ó dheas agus 70 ó thuaidh.

370 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna agus 69 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh “dóchás” aige go n-éireodh leis na beartais a tugadh isteach chun bac a chur le scaipeadh an ghalair tois nach raibh aon mhéadú as cuimse feicthe ar líon na gcásanna.

6,522 cás atá deimhnithe den choróinvíreas faoin tráth seo, 5,364 ó dheas agus 1,158 ó thuaidh.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh seachtar eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe sa Tuaisceart.

8,740 tástáil don víreas atá déanta ó thuaidh agus 254 duine a tástáladh ó tuairiscíodh figiúirí an lae inné.

Idir an dá linn, de réir na sonraí is déanaí is le hionaid altranais a bhaineann 99 de na braislí de chásanna coróinvíris ó dheas.

Is ionann braisle agus trí chás nó níos mó den víreas a bheith deimhnithe ar aon láthair amháin ar feadh 72 uair an chloig.

Faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite bhí 57  braisle cásanna a bhain le hionaid altranais agus léirigh sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) seachtain ó shin gur 38 braisle a bhí in ionaid altranais faoi mheán oíche ar an 31 Márta.

Údar imní ar leith i gcónaí é scaipeadh an ghalair in ionaid altranais, go háirithe in oirthear na tíre, agus tá roinnt beartas fógartha chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

De réir eolais nua ó suirbhé de chuid na Roinne Sláinte tá stoc-charnadh nó scaollcheannach earraí fós ar siúl ag 20% de dhaoine, i gcomparáid le 43% i lár na míosa seo caite.

Deir 86% de dhaoine go bhfuil na srianta atá i bhfeidhm “réasúnta go maith”. Tá imní faoi láthair ar sheachtar as gach deichniúr, mar a bhí i lár na míosa seo caite sular tugadh isteach na srianta ba dhéine.

Maidir leis an 16 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, seisear ban agus deichniúr fear a bhí i gceist. San oirthear a bhí aon dhuine dhéag de na daoine a bhásaigh, bhí ceathrar in iarthuaisceart na tíre agus in iarthar na tíre a bhí an duine eile. 78 an mheánaois a bhí acu agus de réir an eolais atá ar fáil go dtí seo bhí fadhbanna sláinte eile ag ceathrar acu.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 4,916 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 46% de na cásanna agus mná iad 54%
  • 260 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 989 cás leo san iomlán
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,265 duine, 26%
  • As na daoine sin, cuireadh 169 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,263  cás, nó 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 2,692 cás, nó 55%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 362 cás, nó 7%
  • 112 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.3%), 89 a bhí i gcontae Chiarraí (1.8%), 103 cás a bhí i nDún na nGall (2.1%), 107 cás a bhí i Maigh Eo (2.2%), 49 cás a bhí i bPort Láirge (1%) agus 141 cás a bhí i gcontae na Mí (2.9%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 65% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 12%

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster tráthnóna gur “coicís chinniúnach” a bhí le teacht mar go raibh an bhrúisc i líon na gcásanna ar na bacáin.

Dúirt sí go gcaithfeadh gach duine cloí go docht leis na srianta dianghlasála amhail an scoitheadh sóisialta.

“Tá sé riachtanach sa tréimhse ríthábhachtach nach n-éiríonn muid míchúramach go háirithe roimh agus le linn thréimhse na Cásca,” arsa Foster.

Ón mbaile a reáchtáil Arlene Foster agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill a seisiún eolais inniu. Dúirt Michelle O’Neill go gcoinneofaí na srianta i bhfeidhm fadh is go mbeadh gá leo.

Tuairiscíodh níos túisce go bhfuarthas cúig mhilliún píosa de threalamh cosanta pearsanta sa Tuaisceart inniu, trealamh a bhí ag teastáil go géar dar le lucht leighis.

Tuairiscíodh chomh maith go raibh páráidí an 12 Iúil curtha ar ceal de bharr na paindéime. Dúirt Ardmháistir Ard-Lóiste an Oird Oráistigh Edward Stevenson go mbeadh sé mífhreagrach na “céadta míle d’fhir agus de mhná na nOráisteach a thabhairt le chéile lena mbannaí agus a lucht tacaíochta”.

Alan Kelly, ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt an comhairleoir in Ospidéal an Mater Dr Jack Lambert go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaoine atá á gcur in aonaid dianchúraim agus ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis dá gcuirfí leis an méid tástála atá á déanamh don ghalar i measc an phobail.

Ag labhairt dó ar Today with Seán O’Rourke ar RTÉ chuir an comhairleoir le galair thógálacha fáilte roimh phlean an Rialtais líon na dtástálacha atá á ndéanamh a dhúbailt an tseachtain seo go dtí 4,500 in aghaidh an lae.

Idir an dá linn, dúirt ceannasaí Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann Phil Ní Sheaghdha go raibh iarrtha ag an INMO ar an HSE polasaí a thabhairt isteach a chinnteodh go gcaithfeadh gach altra agus bean chabhrach masc máinliachta le linn na géarchéime. 

Ó tharla go raibh moill leis an tástáil atá á déanamh ar dhaoine, chaithfí glacadh leis go bhfuil an galar ar othair agus cosaint a thabhairt d’oibrithe sláinte dá réir, arsa Phil Ní Sheaghdha.

Dúirt sí chomh maith go bhfuil oibrithe sláinte ag íoc suas le €110 sa lá as cúram leanaí. Thug sí le fios go raibh iarratas déanta aici faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise chun fáil amach cén t-údar a bhí leis an moill maidir le plean éigeandála do sheirbhísí cúram leanaí d’altraí a chur i gcrích.

Dúirt ceannaire nuathofa Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly gur gá don Rialtas plean a chur i gcrích láithreach le teacht i gcabhair ar oibrithe sláinte ó thaobh cúram leanaí de.

Idir an dá linn, tá 712,000 duine ag brath anois ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, 507,000 atá ag fáil €350 sa tseachtain faoin gcóras tacaíochta do dhaoine atá as obair mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 agus 205,000 duine atá ag fáil an ghnáthliúntas cuardaitheora poist, €203.

Fág freagra ar '16 eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus 99 braisle in ionaid altranais'