140 lá tar éis an olltoghcháin, ní caint ach gníomh gan mhoill a theastaíonn

Déantar dearmad ar mhórán ceachtanna sa saol polaitiúil – ba chóir roghanna iarthoghcháin a phlé dáiríre an chéad uair eile

140 lá tar éis an olltoghcháin, ní caint ach gníomh gan mhoill a theastaíonn

Ba léir dúinn uilig cruachás na bpríomhpháirtithe tar éis an olltoghcháin.

Dá gcloífidís lena dtuairimí, ní bhunófaí rialtas go deo.

Dá n-athróidís a dtuairimí, d’ísleodh ár meas ar a mbriathra arís eile.

Is fusa a rá gur chóir dár dTeachtaí Dála margadh iarthoghcháin a dhéanamh, ainneoin na n-achasán go léir a thug siad dá chéile roimh ré, ná margadh dá leithéid a dhéanamh.

Ní hionann vótáil agus ceisteanna a fhreagairt i bpobalbhreith.

Ba léir arís eile roimh an olltoghchán ar an 8 Feabhra nach raibh mórán vótóirí ag smaoineamh ar an gcomhréiteach a bheadh riachtanach dá dteipfeadh ar na páirtithe cur ina luí ar mhóramh tacaíocht a thabhairt dóibh. Mar a tharla.

Ba léir freisin ó thús an fheachtais nach raibh Micheál Martin ná Leo Varadkar ná Mary Lou McDonald toilteanach aird an phobail a dhíriú ar na roghanna a bheadh dosheachanta ina dhiaidh.

Ainneoin gach pobalbhreith a léirigh nach raibh siad i bhfoisceacht scread asail de mhóramh Dála, dhiúltaigh siad go léir an léargas iarthoghcháin a phlé dáiríre.

Cuimhnigh gur i 1948, breis agus seachtó bliain ó shin, a rinneadh margadh rialtais idirpháirtí an chéad uair. Má fhágtar as an áireamh olltoghchán 2011, ar cás eisceachtúil é mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais roimh ré, níor éirigh le páirtí ná le páirtithe a thairg comhrialtas móramh Dála a ghnóthú ó 1982.

De ghnáth mar sin, ní thugtar deis dáiríre don phobal polasaithe rialtais a phlé roimh olltoghchán ar bhonn a bheadh inchreidte.

Ní ar na páirtithe amháin ar ndóigh atá an milleán gurb amhlaidh atá.

Níl na meáin gan locht.

Foilsítear agus pléitear polasaithe roimh gach olltoghchán amhail go mbeidh Fianna Fáil, Fine Gael nó Sinn Féin ábalta iad a chur i bhfeidhm.

Is léir don saol, áfach, nach bhfuil seans dá laghad ann go gcuirfear i bhfeidhm iad mura mbeidh páirtí amháin eile ar a laghad ag tacú leo. Pléitear gach ábhar mar sin ar dhóigh nach dtugann aghaidh in aon chor ar an margadh a bheidh riachtanach luath nó mall tar éis an olltoghcháin.

Tá sé thar am ag na páirtithe agus ag iriseoirí éirí as cur i gcéill mar a tharla arís eile i mbliana.

Ní meas ar pholaiteoirí ach a mhalairt a chothaítear dá bharr. 

Anuas ar gach locht eile atá ar an ealaín seo ní foláir cuimhneamh ar an moill a chuirtear ar idirbheartaíocht iarthoghcháin dá dheasca.

Ainneoin ghéarchéim an choróinvíris is go mall agus go drogallach a chuaigh na páirtithe i mbun oibre tar éis an olltoghcháin.

Is ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael a bhí sciar suntasach den mhilleán ar ndóigh toisc nach raibh siad sásta labhairt le Sinn Féin.

Féach mar shampla ar chás na dtiománaithe bus.

Tá ceardchumainn na dtiománaithe ag iarraidh le mí anuas go mbeadh sé éigeantach mascanna nó clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar bhusanna, ar thraenacha agus ar thramanna.

Thug Simon Harris le fios Déardaoin go raibh riail dá leithéid á dréachtú. Dúirt sé, áfach, nach n-eiseofaí an riail go ceann seachtaine, nó deich lá b’fhéidir.

Dá mbeadh rialtas nua curtha ar bun roimhe seo, ba chóir go mbeadh an riail réasúnta sin eisithe agus curtha i bhfeidhm i bhfad roimhe seo. Tá obair thábhachtach á déanamh ag tiománaithe bus agus tá cosaint mar a d’iarr siad tuillte acu – gan mhoill.

Déantar dearmad ar mhórán ceachtanna sa saol polaitiúil. Mar sin féin beidh dea-thoradh amháin ar an vótáil i mí Feabhra má chuirtear brú dá bharr ar na páirtithe a roghanna iarthoghcháin a phlé dáiríre an chéad uair eile.

Ionas nach gcuirfear am amú ar dhroch-chúis tar éis na vótála.

Fág freagra ar '140 lá tar éis an olltoghcháin, ní caint ach gníomh gan mhoill a theastaíonn'