14 mórscéal Gaeilge ó 2014 (7 -1)

Cérbh iad na mórscéalta Gaeilge a d’fhág a rian ar shaol na teanga i 2014? Tá 14 acu roghnaithe ag Tuairisc.ie. Foilsíodh inné na scéalta ó 14 – 8 agus foilsítear anois na scéalta ó 7-1.

Pictoúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictoúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

7. GoogleGhaeilge

Ba ar Tuairisc.ie a tháinig sé chun solais ar dtús gur baineadh leas as ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín Éire 2016, sliocht as Forógra na Poblachta san áireamh. Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeadh sé ag súil go nglacfadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cur chuige eiseamláireach maidir le foilsiú ábhair i nGaeilge agus ba chúis imní agus díomá dó nárbh amhlaidh a tharla i gcás GoogleGhaeilge-Gate. Thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios gur botún a rinne dearthóirí idirlín ba chúis leis an drochaistriúchán Gaeilge, ach rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin, a leithscéal faoin “[m]botún” agus dúirt sé gur “praiseach” a bhí ann.

 

6. Oileáin Árann Arann (Pictiúr-Tuairisc.ie:Seán Ó Mainnín

Má tá tú ag imirt d’Oileáin Árann, tá sé chomh maith duit a bheith dílís agus díograiseach mar imreoir. Is minic ceithre thuras báid á ndéanamh ag cuid de na himreoirí díreach chun freastal ar sheisiún traenála. Ní haon dóithín an cineál sin íobartha!

Is mar gheall ar na baic seo a bhíonn roimh pheileadóirí Árann a bhí an oiread sin suime ag daoine sa scéal gur shroich siad cluiche ceannais Chonnacht i mbliana.

Sa chluiche céanna, casadh foireann ó oileán Gaeltachta eile orthu – peileadóirí Acla. Is le muintir na Gaillimhe a bhí an lá i gcath na n-oileán. Fonn a níos fiach, a deirtear, agus b’amhlaidh an scéal le fir Árann óir bhí cliste orthu i gcluichí ceannais roimhe seo le cúpla bliain anuas. D’éirigh leo an beart a dhéanamh an turas seo agus go maire siad a nuacht!

 

5. GaelMail GaelMail

Tógáil croí agus meanman a bhí ann nuair a sheol an t-ollchomhlacht Google leagan Gaeilge dá tháirge ríomhphoist “Gmail” ar 11 Nollaig. Obair dheonach ba chúis leis an togra ollmhór seo a bheith curtha i gcrích. D’oibrigh meitheal ríomheolaithe agus aistritheoirí go dian ar feadh bliana chun na 60,000 teagrán a ritheann an córas cáiliúil ríomhphoist a chur i nGaeilge.

Kevin Scannell, ollamh le ríomheolaíocht in Ollscoil Mhissouri, a chuir tús leis an tionscnamh nuair a d’iarr sé ar Google arbh fhéidir Gaeilge a chur ar Gmail, mar a cuireadh ar a n-ineall cuardaigh roimhe sin. “Is féidir!” an freagra a fuair an tOllamh Scannell an uair sin agus gach uair eile a chuir sé ceist le linn an phróisis. Chonaic an saol Gaelach an toradh ar dhua na meithle nuair a seoladh an tseirbhís i gceannáras Google i mBaile Átha Cliath le deireanas.

 

4. Taighde Dátheangachais – Leanaí Gaeltachta Taighde Leanaí Gaeltachta

Ní foláir nó gur chuir an t-eolas a foilsíodh i dtuarascáil COGG ar chumas Gaeilge páistí Gaeltachta lagmhisneach ar go leor daoine sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Bhí torthaí na tuarascála bunaithe ar agallaimh a cuireadh ar leathchéad páiste idir seacht mbliana d’aois agus dhá bhliain déag d’aois as ocht scoil.

Cainteoirí dúchais Gaeilge ón nGaeltacht is ea tuismitheoirí na leanaí seo ar fad agus is as ceantar Chois Fharraige agus Dheisceart Chonamara iad, an ceantar Gaeltachta is láidre sa tír.

Ionadaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a rinne an taighde nua, a mhaoinigh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Dúradh sa taighde gur mó an líofacht atá ag na daltaí Gaeltachta sa Ghaeilge ná sa Bhéarla, ach gur mó an cruinneas agus an cumas (‘acmhainneacht’) atá acu sa Bhéarla.

Léirigh an taighde go bhfuil stór focal Béarla níos fairsinge ag cainteoirí dúchais óga na Gaeltachta agus gur fearr a gcruinneas gramadaí agus foghraíochta sa Bhéarla ná sa Ghaeilge.

Ceann de na moltaí a rinneadh le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga seo is ea go dtabharfaí aghaidh ar shealbhú an Bhéarla i ndiaidh shealbhú na Gaeilge lena chinntiú go mbeadh cumas Gaeilge páiste ar comhchéim lena chumas Béarla níos déanaí sa saol.

Dúradh sa taighde mura rachfaí i ngleic le cúngú na Gaeilge sa Ghaeltacht go mbeadh deireadh leis an náisiún Gaelach agus “leis an bhféiniúlacht Ghaelach bheo” ar fud na tíre.

D’fhógair an Roinn Oideachais go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar cheist oideachas na Gaeltachta faoi láthair.

Neosfaidh an aimsir cén toradh a bheidh ar an athbhreithniú seo agus, níos tábhachtaí fós, an gcuirfear moltaí na tuarascála thuasluaite i bhfeidhm.

 

3. Riachtanas na Gaeilge Close up of a graduation cap and a certificate with a ribbon

Ní fada ó shin a bhí Fine Gael ag moladh go ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge le haghaidh na hArdteiste.

Tá an cheist seo tagtha chun barra arís le déanaí tar éis do thascghrúpa a chuir Cumann na nOllscoileanna Éireannacha le chéile moladh a dhéanamh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag mic léinn chun áit a fháil i gcoláistí ollscoile na tíre.

Moltar i gcáipéis an tascghrúpa nár cheart go mbeadh an Ghaeilge riachtanach do mhic léinn ach amháin i gcomhair na gcúrsaí ollscoile sin a bheidh á gcur ar fáil trí Ghaeilge.  Dá gcuirfí an moladh seo i bhfeidhm, chuirfeadh sé deireadh leis an stádas atá ag an teanga le breis agus céad bliain anuas agus b’ionann é, a bheag nó a mhór, agus ábhar roghnach a dhéanamh den teanga feasta le haghaidh na hArdteiste.

 

2. Dearg le Fearg agus Éirí As an Choimisinéara Thousands Choose A Future For The Irish Language at Lá Mór na

Ag deireadh na bliana 2013, d’fhógair Coimisinéar Teanga na linne Seán Ó Cuirreáin go mbeadh sé ag éirí as a cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra 2014.

Tugadh “lá dubh dorcha don Ghaeilge” ar an lá a d’éirigh sé as a gcúraimí ach seachtain sular fhág sé an oifig, ar 18 Feabhra, eagraíodh mórshiúl i mBaile Átha Cliath le cur in iúl don rialtas go raibh pobal na Gaeilge “Dearg le Fearg”.

Tháinig na mílte duine ó cheann ceann na tíre agus shiúil siad ó Chearnóg Mhuirfean go Teach Laighean lena míshásamh a léiriú don Rialtas.

I ndiaidh mhórshiúl na hArdchathrach, spreagadh grúpaí eile timpeall na tíre chun gnímh freisin.

Eagraíodh ‘Slán le Seán’ i gConamara, agus shiúil muintir na Gaeltachta ó Oifig an Choimisinéara go hoifig na Roinne Gaeltachta sna Forbacha i gCois Fharraige. Bhí agóidí freisin i mBéal Feirste ar an Lá Dearg (12 Aibreán) agus ina dhiaidh sin i nGaoth Dobhair ar Lá ’le Pádraig.

Ach ar deireadh, cé gur mhúscail na hagóidí agus an Feachtas Dearg meanma agus misneach na nGael, ba bheag toradh a bhí ar na léirsithe.

Tugadh coiste gan mórán feidhme agus Aire gan mórán Gaeilge don chine Gael.

Ná dearmadadh muid ‘maidhmiú chuartach’ an Chadhnaigh.

 

Tacaíocht an phovail-Enda Kenny+Joe McHugh (Pictiúr-Leon Farrell:Photocall Ireland)
Enda Kenny agus Joe McHugh. Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland)

1. Ceapachán Joe McHugh 

Cheap mórán tráchtairí Gaeilge go raibh dhá rogha shoiléire ag Enda Kenny i dtaobh Aireacht na Gaeltachta agus atheagar á dhéanamh aige ar bhord an Rialtais i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ardú céime a thabhairt don Teachta Dála óg as Gaillimh Thiar nó tréimhse eile mar Aire Stáit a thabhairt do Dinny McGinley an dá rogha is mó a raibh caint orthu. (Is beag duine a cheap go bhfágfadh sé gnóthaí Gaeltachta faoi Aire sinsearach.)

Luadh chomh maith leithéidí Aodháin Uí Ríordáin agus Fergus O’ Dowd, ach ní raibh aon choinne ag éinne le rogha an Taoisigh Aireacht Stáit na Gaeltachta a bhronnadh ar Joe McHugh, fear nach raibh líofacht sa teanga aige.

Ceapadh bean nach bhfuil aon Ghaeilge aici, Heather Humphreys, mar Aire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, ach chuir an Taoiseach an tarcaisne i gceann na héagóra ar fad nuair a d’fhógair sé go raibh Ó Ríordáin, a bhfuil Gaeilge líofa aige, á cheapadh sa Roinn chéanna mar Aire Stáit nach mbeadh aon chúram teanga nó Gaeltachta air.

Tá an tAire McHugh dulta ar ‘aistear foghlama teanga’ ó shin, ach chuir sé olc ar an-chuid daoine go raibh ‘cúinne na bhfoghlaimeoirí’ á dhéanamh aige féin agus ag an Taoiseach d’Aireacht na Gaeltachta.

Cloistear go minic anois tráchtairí ag caint ar an Rialtas seo mar an rialtas ‘is measa riamh ó thaobh na Gaeilge de’ agus tá baint mhór ag ceapachán McHugh, nó ‘Aire an Bheagáin’, mar a thug Cathal Goan air, leis an tuairim sin a bheith chomh coitianta sin.

Fág freagra ar '14 mórscéal Gaeilge ó 2014 (7 -1)'

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Chuir ceapadh ‘Aire an Bheagáin’ an dlaoí mhullaigh ar an ndroch-bhliain seo don Ghaeilge ! Is léir gur fear deas é Joe ach rinne an Taoiseach ceap magaidh de agus thug sé an dá mhéar don náisiún Gaelach leis an gceapachán seo. B’fhéidir gurbh é an lóchrann dóchais is mó sa bhliain ná láinseáil leagan Gaeilge de Google Gmail, togra ollmhór ar thosaigh duine de shliocht Éireannach i Meiriceá é agus a tháinig chun críche trí obair dheonach.