102 cás nua den choroínvíreas deimhnithe, ‘imní ar leith’ faoi Bhaile Átha Cliath agus Luimneach

56 cás a bhí i mBaile Átha Cliath, 11 a bhí i Liatroim agus sé cinn a bhí sa Ghaillimh

102 cás nua den choroínvíreas deimhnithe, ‘imní ar leith’ faoi Bhaile Átha Cliath agus Luimneach

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá 102 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte. Ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt tráthnóna.

Bhain sé cinn de na cásanna nua leis an nGaillimh.

56 cás a bhí i mBaile Átha Cliath agus dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis Gníomhach, Ronan Glynn, go raibh “imní ar leith” ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) faoin ardchathair agus faoi Luimneach.

11 de na cásanna nua a bhí i Liatroim. Bhain an 29 cás eile le 14 contae, Ciarraí, Corcaigh, Maigh Eo agus contae na Mí ina measc.

“Tá ag méadú ar an imní atá orainn faoi líon na gcásanna náisiúnta, go háirithe i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath. Tá an chéad seachtain eile an-tábhachtach; caithfidh duine líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu a laghdú agus ba cheart glacadh leis go bhféadfadh an víreas a bheith ar aon duine a chastar ort,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Bhain 39% de na 102 cás nua nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu.

Bhain 23 cás nua inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 67% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu bás amháin eile de dheasca Covid-19 agus dheimhnigh go rabhthas tagtha ar 141 cás eile le lá anuas.

37,642 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime, 7,868 cás ó thuaidh den teorainn agus 29,774 cás ó dheas di.

Bhásaigh 2,342 duine a raibh an galar orthu go dtí seo, 1,777 duine ó dheas agus 565 duine ó thuaidh.

Fág freagra ar '102 cás nua den choroínvíreas deimhnithe, ‘imní ar leith’ faoi Bhaile Átha Cliath agus Luimneach'